Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tá dhá ghrúpa san Ardán “Réidh don Todhchaí”: grúpa na Rialtas agus grúpa na bPáirtithe Leasmhara.

I ngrúpa na Rialtas tá ionadaithe ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ó gach Ballstát agus ionadaithe ó Choiste na Réigiún. Bainfidh Coiste na Réigiún úsáid as a líonra RegHub ina bhfuil údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus as an taithí atá acusan ar reachtaíocht an Aontais ar an láthair.

I ngrúpa na bPáirtithe Leasmhara tá saineolaithe ar rialáil níos fearr a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.