Dlí an Aontais Eorpaigh agus mar a chuirtear i bhfeidhm é
- bíonn rialacháin agus cinntí ina gceangal go huathoibríoch ar fud an Aontais Eorpaigh ón dáta a dtagann siad i bhfeidhm
- ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh treoracha a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta féin
Cur chun feidhme ag na Ballstáit
Rialacháin agus cinntí
Caithfidh na húdaráis náisiúnta a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad.
Treoracha
Luaitear le gach treoir spriocdháta faoi nach mór do thíortha an Aontais Eorpaigh forálacha na treorach a thrasuí ina ndlí náisiúnta féin agus sin a chur in iúl don Choimisiún.
Cuireann an Coimisiún cúnamh ar fáil do na Ballstáit chun dlíthe an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i gceart. Cuireann sé pleananna cur chun feidhme, eolas ar líne, agus treoirdhoiciméid ar fáil agus eagraíonn sé cruinnithe le grúpaí saineolaithe.
Bearta náisiúnta cur chun feidhme – mar a aimsítear iad in EUR-Lex
Monatóireacht ag an gCoimisiún
Is é an Coimisiún atá freagrach as a chinntiú go gcuireann gach Ballstát dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart. Sa cháil seo dó, 'caomhnóir na gconarthaí' a ghairtear den Choimisiún.
Gníomhóidh an Coimisiún:
- mura ndéanann Ballstát treoir a thrasuí go hiomlán ina dhlí náisiúnta féin faoin spriocdháta a leagtar síos
- má tá an baol ann nár chuir Ballstát dlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm i gceart.
Mínítear sa Teachtaireacht uaidh, a eisíodh in 2016, Dlí an Aontais Eorpaigh: torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr cé mar a chinntíonn an Coimisiún go ndéantar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme, agus a fhorfheidhmiú chun leasa shaoránaigh, thomhaltóirí agus ghnólachtaí an Aontais.
Monitoring implementation of EU directives
Better regulation: why and how
Má theipeann ar thíortha dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm
Má chinneann ar na húdaráis náisiúnta dlí an Aontais a chur chun feidhme i gceart, féadfaidh an Coimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh ar bhonn foirmiúil i gcoinne an Bhallstáit atá i gceist. Má bhíonn an fhadhb fós gan réiteach, féadfaidh an Coimisiún, ar deireadh, an cás a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Gearán a dhéanamh
Tá roinnt ceart ann a thugann cosaint faoi dhlí an Aontais Eorpaigh do shaoránaigh, do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí an Aontais. Má shíleann tú nach bhfuil urraim á tabhairt ag na húdaráis náisiúnta i gceann de na Ballstáit do na cearta sin, tá bealaí éagsúla ann ar féidir leat sásamh agus cúnamh a fháil.
Moltar duit, ar an gcéad ásc, an scéal a tharraingt anuas leis na comhlachtaí náisiúnta nó leis na húdaráis náisiúnta – leis an ombudsman nó le ceann de na cúirteanna áitiúla, mar shampla. Is mar sin a mholtar mar gur ar údaráis phoiblí na mBallstát atá an chéadfhreagracht maidir le dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.
Go hiondúil, is fearr is féidir do chearta a fhorfheidhmiú sa tír sin ina bhfuil cónaí ort, ach is féidir freisin go mbeadh an tAontas Eorpach in ann cabhrú leat. Tig leat casaoid a chur faoi bhráid an Choimisiúin ach gearán oifigiúil a chur isteach.
Tá eolas níos mine ina thaobh seo le fáil i roinn ar leith:
Documents
- Communication
Communication from the Commission - EU law: Better results through better application
Communication from the Commission - EU law: Better results through better application