Ról an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
Is é atá sa Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) institiúid maoiniúcháin an Aontais a chuireann le lánpháirtiú, comhtháthú agus forbairt san Eoraip trí thionscadail a thacaíonn le beartais an Aontais a mhaoiniú. Cé go bhfuil formhór na dtionscadal a mhaoiníonn BEI lonnaithe laistigh den Aontas, déanann sé oibríochtaí lasmuigh den Aontas freisin. Is iad an Bord Gobharnóirí, an Bord Stiúrthóirí agus an Coiste Bainistíochta a dhéanann BEI a bhainistiú.
An Bord Stiúrthóirí
Tá 29 Stiúrthóir ar Bhord Stiúrthóirí BEI agus ina measc siúd tá ionadaí amháin ar gach Ballstát agus ar an gCoimisiún, agus 19 stiúrthóir mhalartacha. I gcomhréir le Reacht BEI, ainmníonn an Coimisiún stiúrthóir amháin agus stiúrthóir malartach amháin do Bhord Stiúrthóirí BEI.
Tagann an Bord Stiúrthóirí le chéile 10 n-uaire sa bhliain. Is iad seo a leanas na príomhchúraimí atá air:
- a chinntiú go bhfuil BEI á bhainistiú i gcomhréir leis na Conarthaí Eorpacha, le reacht BEI agus leis na treoracha atá leagtha síos ag na gobharnóirí
- deonú iasachtaí a fhormheas
- tabhairt i gcrích ráthaíochtaí agus iasachtaí a údarú
- athruithe i mbeartas creidmheasa an Bhainc a mholadh don Bhord Gobharnóirí
- beartais oibríochtúla BEI a fhormheas
Ní mór tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún maidir le gach oibríocht de chuid BEI a mhaoinítear ó na hacmhainní dílse sula gcuirfear faoi bhráid Bhord Stiúrthóirí BEI í lena formheas. Is é ról an Choimisiúin tuairim a thabhairt maidir leis na hinfheistíochtaí arna moladh a bheith i gcomhréir le reachtaíocht agus beartais ábhartha an Aontais. Ní thagann gnéithe ar nós brabúsacht tionscadail agus rioscaí airgeadais faoi raon feidhme nós imeachta Airteagal 19 agus is é BEI amháin a bheidh freagrach astu.
Sainorduithe BEI
Tá roinnt sainorduithe tugtha ag an Aontas do BEI chun oibríochtaí áirithe um iasachtú a dhéanamh faoi réir ráthaíocht bhuiséadach de chuid an Aontais don tréimhse 2014-2020, agus san áireamh tá sainordú iasachtaithe sheachtraigh BEI lena gcumhdaítear oibríochtaí BEI lasmuigh den Aontas.
Plean Infheistíochta don Eoraip
I Samhain 2015 sheol an Coimisiún i gcomhar le BEI an Plean Infheistíochta don Eoraip, straitéis chuimsitheach atá ceaptha deireadh a chur le constaicí agus infheistíochtaí a chothú ar fud an Aontais. Le cois nuachóirithe eacnamaíochta, freagracht fhioscach na mBallstát agus baint bacainní ar chur i gcrích an Mhargaidh Aonair, is gné airgeadais thábhachtach den phlean sin an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha(CEIS) , agus is é aidhm dó aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus dálaí infheistíochta fo-optamacha.
An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)
Faoi Chomhaontú CEIS, tá ráthaíocht AE á cur ar fáil ag an gCoimisiún do BEI le haghaidh tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEIS. Tá tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEIS faoi réir ghnáththimthriall agus ghnáthrialachas thionscadail BEI. Ina theannta sin, tá a struchtúr rialachais tiomnaithe féin ag CEIS lena chinntiú go mbíonn infheistíochtaí a dhéantar faoina réir dírithe go hiomlán ar dhul i ngleic le clistí margaidh ó thaobh dul i riosca de, clistí margaidh a chuireann bac ar an infheistíocht san Eoraip.
Is é is aidhm don Mhol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) cur leis an tacaíocht neamh-airgeadais do bheartais agus infheistíochtaí. Tá trí ghné chomhlántacha i MCEI:
- pointe iontrála do thairbhithe poiblí agus príobháideacha ar go leor réimsí clár agus tionscnamh comhairleach agus teicniúil
- ardán comhair chun saineolas a ghiaráil, a mhalartú agus a scaipeadh ar institiúidí comhpháirtíochta
- seirbhísí comhairleacha atá ann cheana a neartú nó a leathnú nó seirbhísí nua a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nár riaradh orthu fós