![banner-europe-for-citizens.png](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_full_width/public/2020-01/banner-europe-for-citizens_0.png?itok=qA4V90po)
Europe for Citizens (EFC) support initiatives to strengthen remembrance of the recent European history and to enhance civic participation at EU level.
Is éard atá sa Chlár um an Eoraip ar son na Saoránach clár de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh tionscadail a mhaoiniú:
- lena gcuidítear leis an bpobal stair, luachanna agus éagsúlacht an Aontais Eorpaigh a thuiscint
- lena spreagtar saoránaigh chun páirt a ghlacadh sa daonlathas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
€187,718,000 an buiséad iomlán atá ann don tréimhse 2014-2020.
eu_for_citizen_project_results.png
Sruthanna maoinithe
1. Cuimhneachán Eorpach — an tAontas Eorpach mar thionscadal síochána
Cuidíonn an clár le tionscnaimh:
- lena bpléitear cén fáth agus cén tslí ar tháinig na réimis ollsmachtacha, a mhill nua-stair na hEorpa, chun na cumhachta
- lena bhféachtar ar amanna sainiúla agus pointí tagartha eile de chuid an Aontais Eorpaigh
- lena scrúdaítear dearcthaí stairiúla éagsúla
Tosaíochtaí le haghaidh 2019 agus 2020
- comóradh (PDF) ar chora cinniúnacha i nua-stair na hEorpa
- rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na saoránach faoi réimis ollsmachtacha
- frith-sheimíteachas, frithghiofógachas, seineafóibe, homafóibe agus cineálacha éadulaingthe eile: na ceachtanna a tharraingt don lá inniu
- an t-aistriú chuig an daonlathas agus aontachas leis an Aontas Eorpach
2. Rannpháirtíocht dhaonlathach agus rannpháirtíocht shibhialta – saoránaigh a spreagadh le bheith páirteach
Nascadh bailte
Tionscadail lena dtarraingítear saoránaigh ó bhailte nasctha le chéile chun saincheisteanna maidir leis an gclár oibre polaitiúil Eorpach a phlé. Forbraíonn siad deiseanna do dhaoine chun dul i mbun cainte le chéile agus obair dheonach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Líonra bailte
Spreagtar bailte le comhoibriú le chéile go fadtéarmach chun ábhair nó téamaí áirithe a phlé, acmhainní agus/nó spéiseanna a chomhroinnt, an tionchar atá acu a mhéadú agus/nó dul i ngleic le dúshláin choiteanna.
Tionscadail na sochaí sibhialta
Leis na tionscadail seo, tugtar deis do shaoránaigh páirt ar leith a bheith acu i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais Eorpaigh. Spreagann siad pléití chun réitigh phraiticiúla ar shaincheisteanna a mholadh tríd an gcomhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Tosaíochtaí le haghaidh 2019 agus 2020
- todhchaí na hEorpa a phlé agus an t-eoraisceipteachas a cheistiú
- dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i réanna géarchéime
- an t-idirphlé idirchultúrtha agus tuiscint fhrithpháirteach a chothú chomh maith le stiogmatú imirceach agus grúpaí mionlaigh a comhrac
Deontais oibriúcháin
Is féidir le meithleacha machnaimh Eorpacha (comhlachtaí taighde a bhíonn ag plé leis an mbeartas poiblí) agus eagraíochtaí sochaí sibhialta atá gníomhach ar fud an Aontais Eorpaigh deontais oibriúcháin a fháil – is é sin tacaíocht airgeadais le haghaidh costais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí.
Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú
Le haghaidh sonraí, féach suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir.
An grúpa Idirphlé Sibhialta
Pointí teagmhála an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach
Is féidir treoir agus tacaíocht a fháil i do theanga féin ó phointe teagmhála an Chláir um an Eoraip ar son na Saoránach i do thír:
Europe for Citizens contact points
Doiciméid Tagartha
Tionscadail arna maoiniú ag an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach
Féach eolas faoin tionscadal agus torthaí na dtionscadal arna tacú ag an gClár um an Eoraip ar son na Saoránach don tréimhse 2014-20: