Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte

46%
Líon na saoránach den Aontas a raibh fadhb mhothúchánach nó shíceasóisialta acu sna 12 mhí dheireanacha
89%
Líon na saoránach den Aontas a aontaíonn go bhfuil cur chun cinn na meabhairshláinte chomh tábhachtach céanna le cur chun cinn na sláinte fisicí
25%
Líon na saoránach den Aontas a thuairiscíonn go raibh fadhb acu féin nó ag duine muinteartha agus iad ag iarraidh seirbhísí meabhairshláinte a rochtain

Foinse: Flais-Eorabharaiméadar maidir leis an meabhairshláinte a foilsíodh an 9 Deireadh Fómhair 2023

Cén fáth ar cheart don Aontas gníomhú i leith na meabhairshláinte?

Le linn Sheachtain Eorpach na Meabhairshláinte i mí na Bealtaine 2023, d’iarramar ar shaoránaigh an Aontais cén fáth ar cheart don Aontas gníomhú i leith na meabhairshláinte. Seo an méid a dúirt siad linn.

  • Portrait picture of Georgia Michailidou Tazoglou

    ‘Sláinte phoiblí is ea an mheabhairshláinte. Is ceart atá ann. Ní mór dúinn í a chosaint ar mhaithe le folláine shaoránaigh uile an Aontais agus ar mhaithe le folláine an Aontais féin.’

    Georgia Michailidou Tazoglou, an Ghréig

  • Portrait of Nicola Unterecker

    ‘Ós rud é nach féidir linn maireachtáil agus ár ndícheall a dhéanamh ach amháin nuair a bhímid go maith, go fisiciúil agus go meabhrach.’

    Nicola Unterecker, an Ghearmáin

  • Portrait of Catalina Maria Popviciu

    ‘Pobail atá sláintiúil ó thaobh na hintinne de, bíonn siad ríthábhachtach d’fholláine an duine agus do shochaithe faoi bhláth.’

    Catalina Maria Popoviciu, an Rómáin

Na trí threoirphrionsabal

Cad iad na rudaí nithiúla atáimid a dhéanamh?

Is tosca éagsúla a théann i bhfeidhm ar mheabhairshláinte daoine agus ní mór breathnú orthu ó gach réimse beartais. Dá bhrí sin, beidh raon feidhme leathan ag cur chuige an Aontais. Beidh iarrachtaí san áireamh ann chun an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • Icon showing a document
    An mheabhairshláinte a chomhtháthú i mbeartais éagsúla
    • An Tionscnamh Eorpach chun Acmhainneachtaí Meabhairshláinte a fhothú
  • Icon showing two overlapping heads with a heart in the center
    An dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn, cosc agus idirghabháil luath i leith fadhbanna meabhairshláinte
    • An Tionscnamh Eorpach um Dhúlagar agus Féinmharú a chosc
    • An tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ – snáithe na meabhairshláinte a neartú
    • Geata rochtana do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu 
    • An Cód Eorpach um Meabhairshláinte 
    • Éiceachóras comhpháirteach a fhorbairt le haghaidh taighde inchinne
  • Icon with a child waving
    Borradh a chur faoi mheabhairshláinte leanaí agus daoine óga
    • Líonra meabhairshláinte leanaí agus na hóige
    • ‘Sláinte Leanaí 360: sraith uirlisí um chosc’
    • Youth First Flagship
    • An tionscnamh ‘Scagthástálacha sláintiúla, óige shláintiúil’
  • Icon person comforting another person
    Cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar
    • Íospartaigh na coireachta a chosaint
    • Misean ailse: ardán do dhaoine óga a tháinig slán ón ailse
  • Icon of a person sitting at a desk, with a laptop, a speech bubble and a tick
    Dul i ngleic le rioscaí síceasóisialta ag an obair
    • Tionscnamh ar leibhéal an Aontais maidir leis na rioscaí síceasóisialta
    • Feachtais an Aontais don ionad oibre
  • Icon 3 people gathering, speech bubbles above people
    Córais mheabhairshláinte a threisiú agus feabhas a chur ar rochtain ar chóireáil agus ar chúram
    • Tionscnamh chun go mbeidh níos mó gairmithe san Aontas a mbeidh oiliúint níos fearr orthu
    • Tacaíocht theicniúil d’athchóirithe meabhairshláinte i roinnt earnálacha
    • Sonraí a bhailiú maidir leis an meabhairshláinte
  • Icon hand holding two people
    Stiogma a bhriseadh
    • Stiogma agus idirdhealú a chomhrac
  • Icon hands touching
    An mheabhairshláinte a chothú ar fud an domhain
    • Tacaíocht mheabhairshláinte do dhaoine easáitithe na hÚcráine agus dóibh siúd atá thíos leis an staid sa tír
    • Tacú le scaipeadh an Phacáiste Seirbhíse Íosta den Bhuanchoiste Idir-Ghníomhaireachta maidir le Tacaíocht Meabhairshláinte agus Síceasóisialta (MHPSS)

Doiciméid

  • 10 DEIREADH FÓMHAIR 2024
A comprehensive approach to Mental Health: Progress so far
  • 7 MEITHEAMH 2023
Communication: A comprehensive approach to mental health
  • 7 MEITHEAMH 2023
Press release: A new comprehensive approach to mental health
  • 7 MEITHEAMH 2023
Factsheet on a new EU approach to mental health