Tá ardáin mhóra áirithe ar líne ann a bhíonn ag feidhmiú mar ‘gheatóirí’ sna margaí digiteacha. Is é an aidhm atá ag an nGníomh um Margaí Digiteacha cinnte a dhéanamh de go n-iompraíonn na hardáin sin iad féin ar bhealach cothrom ar líne. In éineacht leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, tá an Gníomh um Margaí Digiteacha ar cheann de na príomhchodanna de straitéis dhigiteach na hEorpa.
Cé hiad na geatóirí?
Is éard a bhunaítear leis an nGníomh um Margaí Digiteacha tacar critéar atá sainmhínithe go mion i leith ‘geatóir’ a thabhairt ar ardán mór ar líne. Fágann sé sin gur féidir leis an nGníomh díriú go maith ar an bhfadhb ar mian leis dul i ngleic léi ó thaobh ardáin mhóra shistéamacha ar líne de.
Is critéir iad sin a chomhlíonfar más mar seo a leanas do chomhlacht:
- seasamh láidir eacnamaíochta aige agus tionchar mór ar an margadh inmheánach agus é gníomhach i dtíortha éagsúla den Aontas
- seasamh láidir idirghabhála aige, rud a chiallaíonn bonn fairsing úsáideoirí a bheith á cheangal aige le líon mór gnólachtaí
- seasamh daingean marthanach aige sa mhargadh (nó ar tí an seasamh sin a bheith aige), rud a chiallaíonn go bhfuil sé cobhsaí le himeacht ama má chomhlíonann an chuideachta an dá chritéar thuas i ngach ceann de na trí bliana airgeadais roimhe
Cén tairbhe atá le baint as an nGníomh um Margaí Digiteacha?
- Úsáideoirí gnó atá i dtuilleamaí na ngeatóirí lena gcuid seirbhísí a thairiscint ar an margadh aonair, is cothroime an timpeallacht ghnó a bheidh ann do na húsáideoirí sin.
- Beidh deis ag lucht nuálaíochta agus ag gnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta dul san iomaíocht i dtimpeallacht na n-ardán ar líne, agus nuálaíocht a dhéanamh ann, gan ceangal a bheith orthu téarmaí agus coinníollacha éagothroma a chomhlíonadh agus teorainn a chur ar a gcuid forbartha dá réir.
- Is líonmhaire agus is fearr an rogha seirbhísí a bheidh ag na tomhaltóirí, is minice a bheidh deis acu dul i muinín malairt soláthraí más é is mian leo, beidh rochtain gan timpeall acu ar sheirbhísí, sin agus ar phraghsanna níos córa.
- Coimeádfaidh na geatóirí na deiseanna uile atá acu chun seirbhísí nua a cheapadh agus a chur ar fáil. Is amhlaidh nach gceadófar dóibh beag ná mór cleachtais éagóracha a chur ar úsáideoirí gnó ná ar chustaiméirí atá ina dtuilleamaí ar mhaithe le buntáiste nach bhfuil dlite dóibh.
Cén toradh a bheidh air sin le haghaidh na ngeatóirí?
Maidir leis na rialacha nua, is leo a bhunófar oibleagáidí na ngeatóirí, an méid is ceart a dhéanamh agus nach ceart a dhéanamh a gcaithfidh siad cloí leis ina gcuid oibre ó lá go lá.
Samplaí den mhéid is ceart a dhéanamh – beidh ar gheatóirí na n-ardán na nithe seo a leanas a dhéanamh:
cead a thabhairt do thríú páirtithe idiroibriú le seirbhísí an gheatóra féin i gcásanna sonracha áirithe
rochtain a thabhairt dá n-úsáideoirí gnó ar an eolas a ghineann siad agus iad ag úsáid ardán an gheatóra
na huirlisí riachtanacha agus an t-eolas riachtanach a sholáthar do na cuideachtaí a dhéanann fógraíocht ar a n-ardán ionas go bhféadfaidh lucht fógraíochta agus foilsitheoireachta fíorú neamhspleách dá gcuid féin a dhéanamh ar fhógraí dá gcuid atá á n-óstáil ag an ngeatóir
ligean do na húsáideoirí gnó atá acu a dtairiscint a chur chun cinn agus conarthaí a thabhairt i gcrích lena gcuid custaiméirí féin lasmuigh d’ardán an gheatóra
Sampla den mhéid nár cheart a dhéanamh – Ní ceadmhach d’ardáin na ngeatóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh feasta:
tús áite a thabhairt do na seirbhísí agus na táirgí a thairgeann an geatóir féin thar seirbhísí agus táirgí a thairgeann tríú páirtithe ar ardán an gheatóra
‘cosc a chur ar thomhaltóirí’ nasc a dhéanamh le gnólachtaí lasmuigh dá gcuid ardán féin
cosc a chur ar úsáideoirí díshuiteáil a dhéanamh ar aon bhogearraí nó aip réamhshuiteáilte dá mba mhian leo sin a dhéanamh
úsáideoirí deiridh a rianú lasmuigh de sheirbhís lárnach ardán an gheatóra chun críche fógraíochta spriocdhírithe, gan toiliú éifeachtach a bheith deonaithe
Conas a dhéanfaidh an Coimisiún deimhin de go bhfanfaidh an Gníomh bord ar bord leis an earnáil dhigiteach agus í ag forbairt léi go tapa?
Lena chinntiú go bhfanfaidh na rialacha nua geatóireachta bord ar bord le fuinneamh mór na margaí digiteacha, déanfaidh an Coimisiún fiosruithe margaidh a chur i gcrích. Fágfaidh sin go bhféadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- cuideachtaí a cháiliú ina ngeatóirí
- nuashonrú dinimiciúil a dhéanamh ar oibleagáidí na ngeatóirí nuair is gá sin
- réitigh a dhearadh le troid i gcoinne sáruithe córasacha ar rialacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha
Cé na hiarmhairtí a bheidh ar an neamhchomhlíonadh?
- Fíneálacha
suas le 10% de láimhdeachas iomlán domhanda bliantúil na cuideachta, nó suas le 20% i gcás sáruithe a dhéantar arís agus arís eile
- Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
suas le 5% den mheánláimhdeachas laethúil
- Réitigh
I gcás sárú sistéamach a dhéanfadh na geatóirí ar a gcuid oibleagáidí faoin nGníomh, tharlódh go gcuirfí réitigh bhreise i bhfeidhm ar na geatóirí ach fiosrú margaidh a dhéanamh ar dtús. Réitigh den chineál sin, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis an gcoir a rinneadh. Más gá agus sa chás nach bhfuil an dara rogha ann, is féidir leigheasanna neamhairgeadais a fhorchur. Ina measc sin tharlódh réitigh struchtúrtha agus réitigh iompraíochta e.g. dífheistiú ar (chodanna) de ghnólacht.
Na rialacha nua i mbeagán focal
Tuilleadh eolais faoi rialacha nua na n-úsáideoirí
Tuilleadh eolais faoi rialacha nua na ngnólachtaí
Tuilleadh eolais faoi rialacha nua na n-ardán
Cad iad na chéad chéimeanna eile?
Tháinig an Gníomh um Margaí Digiteacha i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2023. Laistigh de dhá mhí, ní mór do chuideachtaí a sholáthraíonn croísheirbhísí ardáin fógra a thabhairt don Choimisiún agus an t-eolas ábhartha uile a chur ar fáil dó. Beidh 45 lá oibre ag an gCoimisiún ansin cinneadh a ghlacadh lena n-ainmneofar geatóir sonrach. Tar éis an chinnidh ón gCoimisiún beidh sé mhí ag na geatóirí ainmnithe comhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear sa Ghníomh a chinntiú.
Féach na cásanna, na ceannacháin agus na nuashonruithe maidir le hoibleagáidí is déanaí
Oibleagáidí soiléire ar gheatóirí ar fud an Aontais Eorpaigh
Go dtí seo, an bealach a stiúir geatóirí a gcuid gnólachtaí, ní dhearnadh rialú air den chuid is mó nó is ar thacair rialacha a bhí ann roimh ré an gheilleagair dhigitigh a bhí sé bunaithe. Is amhlaidh a bhí an cás ar fud an Aontais.
Níor thug na Ballstáit ná an tAontas Eorpach aghaidh go héifeachtach ar fhadhbanna a bhain le geatóirí.
Deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na n-ardán
Go dtí seo, thug tionscnaimh reachtacha náisiúnta na mBallstát aghaidh ar chuid de na fadhbanna a sainaithníodh ach bhí siad freisin ina gcúis le hilroinnt rialála breise san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh sé sin costais chomhlíontachta bhreise a chruthú le haghaidh na n-ardán a oibríonn ar bhonn trasteorann.
Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Margaí Digiteacha:
- Beidh réamheolas ag na geatóirí faoi na hoibleagáidí atá le hurramú acu.
- Ní bheidh ardáin eile faoi réir na rialacha seo ach beidh siad in ann leas a bhaint as iompair níos cothroime agus gnó á dhéanamh acu leis na geatóirí.
- Costais chomhlíontachta laghdaithe le haghaidh na ngeatóirí agus a n-úsáideoirí gnó.