Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta18 Deireadh Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Is féidir an taisteal gan víosa a chur ar fionraí níos tapúla agus ar feadh achar níos faide, agus déanfar faireachán níos dlúithe air

Man with backpack walking past travel centre

 

Tá sé molta ag an gCoimisiún an sásra fionraíochta víosaí atá ann faoi láthair a athrú chun go mbeidh na Ballstáit in ann freagairt níos fearr d’aon mhí-úsáid a bhaintear as an taisteal gan víosa.

Tá an méid seo a leanas á mholadh ag an gCoimisiún: 

  • síneadh a chur leis an liosta cúiseanna le córais taistil gan víosa a chur ar fionraí
  • síneadh a chur leis an nós imeachta chun níos mó ama a thabhairt do ghníomhaíochtaí feabhais
  • oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an Choimisiúin a neartú

Tá córas taistil gan víosa i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach le 60 tír nach bhfuil san Aontas. Tá buntáistí suntasacha ag baint le taisteal gan víosa, agus cuireann sé borradh faoin taisteal agus faoin turasóireacht.  Ag an am céanna, tá dúshláin nua ann a bhaineann le taisteal gan víosa mar gheall ar an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag síorathrú, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tAontas in ann aghaidh a thabhairt ar chásanna ina mbaintear mí-úsáid as an taisteal gan víosa.

Foilsíodh an 6ú tuarascáil ar an Sásra Fionraíochta Víosaí freisin. Sa tuarascáil sin déantar faireachán ar an gcóras taistil gan víosa atá ag an Aontas leis an Albáin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, le Montainéagró, leis an Macadóin Thuaidh, leis an tSeirbia, leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin, chomh maith le tíortha san Aigéan Ciúin agus i Muir Chairib, tíortha ag a bhfuil scéimeanna ‘pasanna órga’, mar a thugtar orthu. Is é conclúid na tuarascála gur gá do na hocht dtír uile tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun a mbeartas víosa a ailíniú le beartas an Aontais agus leanúint dá n-iarrachtaí cosc a chur ar iarratais ar thearmann gan bhunús agus ar an imirce neamhrialta. Leagadh béim sa tuarascáil freisin ar ábhair imní an Choimisiúin maidir le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí lena gcuirtear rochtain gan víosa ar an Aontas chun cinn.  

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: Sásra fionraíochta níos láidre molta ag an gCoimisiún maidir leis an taisteal gan víosa

Ceisteanna agus freagraí maidir le hathruithe ar an sásra fionraíochta víosaí

Ár nDóigh Bheatha Eorpach

Tuarascáil maidir leis an Sásra Fionraíochta Víosaí

Sonraí

Dáta foilsithe
18 Deireadh Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide