Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta27 Bealtaine 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Feasacht a mhúscailt le linn na Seachtaine Eorpaí in aghaidh na hAilse

A patient treated with cancer removal robotic equipment

 

Bíonn an tSeachtain Eorpach in aghaidh na hAilse ar siúl gach bliain idir an 25 agus an 31 Bealtaine. Mar chuid den ócáid tugtar grúpaí abhcóideachta othar, lucht déanta beartas na hEorpa agus an pobal i gcoitinne le chéile chun feasacht a mhúscailt i dtaca leis an ailse a chosc, le scagthástáil, le rochtain ar chóir leighis agus le tacaíocht d’othair agus do dhaoine a raibh ailse orthu cheana.

Tá an tAontas ag troid i gcoinne na hailse le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, rud a cuireadh i láthair in 2021. Leis an bPlean sin féachann an Coimisiún le feabhas a chur ar chosc, ar luathbhrath, ar chóireáil agus ar chúram, chomh maith le cáilíocht saoil othar ailse agus daoine a tháinig slán ón ailse. Agus tacaíocht dar luach €4 bhilliún ar fáil dó, tá an líon is mó riamh de thionscadail, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh nithiúla seolta lena dtugtar aghaidh ar gach céim den ghalair. Ina measc sin tá:

  • Lárionad Eolais an Choimisiúin Eorpaigh um Ailse a bhunú, chun cur chun feidhme an dea-chleachtais a chomhroinnt agus treoirlínte a eisiúint i dtaca le dearadh agus cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí nua
  • An Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse a sheoladh, le go mbeadh rochtain ag gairmithe cúraim sláinte ar íomhánna anaithnidithe a bhaineann le hailse, chun feabhas a chur ar an leigheas pearsantaithe
  • An Tionscnamh Eorpach um an Ailse a Thuiscint a chur ar bun, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun an tuiscint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an ailse a bhrú chun cinn
  • Moladh maidir le hailse inchoiscthe trí vacsaíniú a chur i láthair, chun leathnú a dhéanamh ar ghnáthvacsaíniú atá neodrach ó thaobh inscne de i gcoinne an phapalómaivíris dhaonna (HPV) agus vacsaíniú i gcoinne Heipitíteas B
  • An Chlárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse a bhunú, chun treochtaí, éagsúlachtaí agus éagothromaíochtaí idir na Ballstáit a shainaithint le gur féidir infheistíocht agus idirghabhálacha spriocdhírithe a dhéanamh
  • Líonra an Aontais lena nasctar Ionaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse aitheanta chun cumas agus saineolas a chomhroinnt ar fud an Aontais
  • Líonraí nua Saineolais a chruthú i dtaca le cásanna sonracha dúshlánacha ailse, ionas go sainaithneofar na réitigh atá ar fáil cheana féin i bpobal oinceolaíochta na hEorpa

Tá Scéim Scagthástála Ailse nua seolta ag an gCoimisiún freisin, ar Scéim í a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, chun an rochtain ar scagthástáil ailse a fheabhsú chomh maith le cáilíocht agus diagnóisic na scagthástála. Chun an tábhacht a bhaineann le luathbhrath na hailse a chur chun cinn, tá an feachtas múscailte feasachta #GetScreenedEU seolta ag an gCoimisiún, lena ndírítear ar an bhfíric gur le luathbhrath trí scagthástáil a thugtar an deis is fearr chun ailse a chóireáil agus go méadaíonn sé na roghanna cóireála atá ar fáil. 

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas i dtaca le hailse a chosc trí ghníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar na príomhthosca riosca, cuir i gcás an tobac, diagnóis agus cóireáil, agus cáilíocht saoil a fheabhsú. Tá go leor le déanamh go fóill, áfach, chun leanúint d’athrú a bhaint amach agus chun dínit agus dóchas a scaipeadh ar gach duine a ndearna ailse difear dóibh.

Tuilleadh eolais

Plean ailse don Eoraip

Aontas Sláinte na hEorpa

An feachtas #GetScreenedEU, lena dtugtar eolas faoi chláir scagthástála ailse i dtíortha an Aontais

Tionscnaimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le hailse chíche agus ailse cholaireicteach

Baineann an ailse linn go léir - Ráiteas ón gCoimisinéir Kyriakides don tSeachtain Eorpach in aghaidh na hAilse

Sonraí

Dáta foilsithe
27 Bealtaine 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide