Tá réitigh curtha chun cinn ag an gCoimisiún chun a chinntiú go mbeidh saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann san Aontas Eorpach in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí a theastaíonn uathu ó lá go lá. Tá cónaí ar 150 milliún saoránach Eorpach sna réigiúin sin. Is minic a bhíonn bacainní rompu maidir le rochtain a fháil ar iompar, ar sheirbhísí cúraim sláinte, ar oideachas agus ar thionscadail maidir le bonneagair. An nascleanúint a dhéantar idir córais éagsúla dlí agus riaracháin, is féidir leis sin a bheith casta, costasach agus mearbhlach.
Mar shampla, d’fhéadfadh deacracht a bheith ag saoránach rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála criticiúla toisc go bhféadfadh an tseirbhís éigeandála nó an t-ospidéal is gaire dóibh a bheith thar theorainn. D’fhéadfadh easpa eolais a bheith acu faoina gcearta, faoi rialacha éagsúla árachais sláinte nó faoi cheanglais theicniúla éagsúla le haghaidh feithiclí éigeandála. Mar thoradh air sin, ní féidir leo ospidéal a bhaint amach nó otharcharr a iarraidh in am.
Faoin togra nua, beidh ar thíortha an Aontais Pointí Comhordúcháin Trasteorann a bhunú. Nuair a thuairiscíonn duine fadhb thrasteorann, cuirfidh an tseirbhís nua seo an duine sin ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha. Is féidir leo oibriú in éineacht le chéile chun teacht ar réiteach praiticiúil. Is ag tíortha an Aontais a bheidh an focal scoir maidir leis na réitigh a chuirtear i bhfeidhm. Cruthóidh an Coimisiún líonra de na Pointí Comhordúcháin sin freisin chun dea-chleachtais a comhroinnt.
Dá mbainfí 20% de na bacainní dlíthiúla agus riaracháin atá ann faoi láthair, chuirfí borradh 2% faoin OTI agus chruthófaí os cionn milliún post i réigiúin trasteorann na hEorpa, de réir staidéar a rinneadh in 2017.
Tuilleadh eolais
Comhar trasteorann san Aontas Eorpach
Tuarascáil: éifeachtaí na gconstaicí dlíthiúla agus riaracháin i réigiúin teorann talún
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Nollaig 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide