Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta16 Feabhra 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Rialacha nua chun do chearta agus do ghníomhaíochtaí ar líne a chosaint

A child with a smartphone and earphones in the woods

 

Ón 17 Feabhra i leith, beidh timpeallacht ar líne an Aontais ag éirí níos sábháilte, níos cothroime agus níos trédhearcaí nuair a thiocfaidh an leabhar rialacha cinniúnach i bhfeidhm go hiomlán, is é sin an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Leis an nGníomh sin, cuirfear freagrachtaí nua ar ardáin ar líne a bhfuil úsáideoirí san Aontas acu, agus é mar aidhm leo cosaint níos fearr a thabhairt do na húsáideoirí sin agus dá gcearta.

Tá feidhm cheana féin ag na rialacha sin maidir le roinnt ardán agus inneall cuardaigh an-mhór ó 2023 i leith, ach beidh feidhm acu anois maidir le gach ardán agus gach seirbhís óstála. Ciallaíonn sin go mbeidh orthu go léir roinnt beart éagsúil a chur i bhfeidhm chun úsáideoirí a chumhachtú. Áirítear orthu sin:

  • ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha a chomhrac trí mhodhanna a chur ar fáil d’úsáideoirí chun gníomhaíocht neamhdhleathach den sórt sin a chur in iúl
  • mionaoisigh a chosaint, agus cosc iomlán ar dhíriú ar mhionaoisigh san áireamh, trí úsáid a bhaint as fógraí atá bunaithe ar phróifíliú nó ar a sonraí pearsanta
  • úsáideoirí a chumhachtú le heolas faoi na fógraí a fheiceann siad, cuir i gcás an fáth a bhfuil na fógraí á dtaispeáint dóibh agus cé a d’íoc as an bhfógra
  • cosc a chur ar fhógraí lena ndírítear ar úsáideoirí bunaithe ar shonraí íogaire, cuir i gcás tuairimí polaitíochta nó creideamh reiligiúnach, gnéaschlaonadh, etc.
  • é a dhéanamh níos éasca gearáin a chur isteach agus teagmháil a dhéanamh leo

Chun cuidiú leis an gCoimisiún monatóireacht a dhéanamh ar oibleagáidí sa Ghníomh nua seo agus iad a fhorfheidhmiú, cuideoidh na húdaráis fhreagracha lena chinntiú go bhfeidhmeoidh na hardáin i gcomhréir leis na rialacha i ngach tír san Aontas. In éineacht leis an gCoimisiún, oibreoidh siad mar chomhlacht comhairleach lena chinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go comhsheasmhach, sin agus go mbeidh na cearta céanna ag úsáideoirí ar fud an Aontais.

Tuilleadh eolais:

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha

Ardáin agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

Bí níos sábháilte ar líne

Preaseisiúint: Feidhm anois ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha maidir le gach ardán ar líne san Aontas

Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach

Sonraí

Dáta foilsithe
16 Feabhra 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide