De réir mar a thagann an bhliain chun deiridh agus muid ag smaoineamh ar an méid a bhfuilimid buíoch de, nó ar an méid a bhfuilimid ag dúil leis sa bhliain atá le teacht, rud amháin a thagann chun cuimhne do nach mór gach duine ná an dea-shláinte. Ar leibhéal an Aontais, is éard a chiallaíonn sé sin cinnte a dhéanamh de go bhfuil ár gcórais sláinte san Eoraip oiriúnach chun freastal ar riachtanais reatha shaoránaigh na hEorpa, agus ag an am céanna, go bhfuil sé ullmhaithe ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna sláinte amach anseo.
Tá dhá thuarascáil nua foilsithe anois a léiríonn go bhfuil ag éirí leis an Aontas córais sláinte níos réamhbhreathnaithí, níos athléimní, níos láidre agus níos cothroime a chruthú. Ag an am céanna, sainaithnítear iontu réimsí inar gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh, an mheabhairshláinte san áireamh.
Is é is aidhm don chéad tuarascáil, an tuarascáil bhliantúil ar Staid na hUllmhachta Sláinte, léargas a thabhairt ar bhearta a rinne an tAontas ó bhí an phaindéim ann chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ar an tsláinte. Óna thaobh sin de agus i measc na dtorthaí a fuarthas, tugtar le fios inti go bhfuil na rialacha, atá i bhfeidhm le beagnach bliain anuas, ina mbonn láidir don ullmhacht níos éifeachtaí agus don fhreagairt chomhordaithe.
Idir an dá linn, déantar meastóireacht sa tuarascáil ar Staid na Sláinte san Aontas ar an dóigh a bhfuil ag éirí le córais sláinte ar fud an Aontais. Sainaithnítear inti trí réimse go háirithe nach mór aghaidh a thabhairt orthu i ndiaidh phaindéim COVID-19, agus leagtar béim inti ar bhealaí ina bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Na trí réimse sin ná athchóirithe meabhairshláinte, éagothromaíochtaí sláinte atá ag dul i méid ar fud an Aontais, agus infheistíocht leanúnach sa tsláinte.
Tuilleadh eolais:
Tuarascáil 2023 ar Staid na hUllmhachta Sláinte
Staid na Sláinte san Aontas: Tuarascáil 2023
Ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 15 Nollaig 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide