Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta6 Feabhra 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rialacha an dlí choiriúil a neartú chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Little baby child sitting on bed playing with the doll in the dark room with light throught curtain

 

Tagann méadú bliain i ndiaidh bliana ar an mbagairt a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí as líne agus ar líne araon san Aontas Eorpach, rud a rinne difear do 1.5 milliún leanbh san Aontas in 2022. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta chun leanaí a chosaint ar bhealach níos fearr ar líne, níl na rialacha dlí choiriúil atá ann cheana maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí oiriúnach dá bhfeidhm a thuilleadh. Sin an fáth a bhfuil sé molta ag an gCoimisiún anois na dlíthe sin a thabhairt cothrom le dáta chun athrú a dhéanamh ar réaltacht ina bhfuil cineál éigin foréigin ghnéasaigh fulaingthe ag leanbh amháin as gach cúigear, as líne agus ar líne araon.

Ar an gcéad dul síos, leathnóidh an tAontas an sainmhíniú ó Bhallstát go chéile ar an méid is cion coiriúil ann maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, chun cionta amhail beoshruthú mí-úsáide gnéasaí leanaí a chur san áireamh. Maidir le déileáil le cionta, neartófar ionchúiseamh agus tacaíocht. Tabharfaidh sé sin tréimhse ama níos faide d’íospartaigh chun mí-úsáid ghnéasach a thuairisciú, chun cearta ar chúiteamh airgeadais a thabhairt dóibh agus chun níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’íospartaigh leanaí agus do mharthanóirí fásta araon.

Neartófar an cosc freisin. Ba cheart do na Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as na cláir um chosc atá ar fáil agus infheistíocht níos mó a dhéanamh chun feasacht a ardú, go háirithe maidir le rioscaí ar líne. Ina theannta sin, earcaitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le dlúth-theagmháil le leanaí agus eagraíochtaí atá ag obair i gcoinne na mí-úsáide gnéasaí leanaí, ní mór a chur de cheangal orthu taifid choiriúla na n-iarrthóirí a iarraidh.

Tuilleadh eolais:

Comhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na mí-úsáide gnéasaí leanaí

Bileog eolais: Rialacha dlí choiriúil níos láidre chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach don Leanbh

Preaseisiúint: Tá spreagadh nua á thabhairt don chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí le rialacha nuashonraithe an dlí choiriúil

Ceisteanna agus Freagraí: Tá spreagadh nua á thabhairt don chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí le rialacha nuashonraithe an dlí choiriúil

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Feabhra 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide