Forbhreathnú
Is faoi gach Ballstát atá sé a chóras oideachais agus a modhanna teagaisc féin a cheapadh, ach tacaíonn an tAontas Eorpach leis na gníomhaíochta náisiúnta sin i gcás ceisteanna a bhaineann leo ar fad.
Tá roinnt ardán éagsúil ag an gCoimisiún Eorpach a gcuirtear ábhair teagaisc ar fáil orthu, agus inar féidir le múinteoirí agus baill foirne oideachais eile na hábhair agus na hacmhainní atá acu féin a chomhroinnt.
Ardáin oideachais do scoileanna
- Is ardán é eTwinning do bhaill foirne atá ag obair i scoileanna san Eoraip, ar a bhfuil deiseanna chun forbairt ghairmiúil a dhéanamh agus tionscadail oideachais atá cruthaithe ag pobal an ardáin
- Is ríomhphobal é an tairseach School Education Gateway don oideachas scoile. Cuirtear ar fáil ann ábhair teagaisc agus ranganna teagaisc atá réidh le húsáid sa seomra ranga
Ardáin eile
- Is pobal ilteangach é EPALE atá oscailte do chách don oideachas aosach san Eoraip, ar a bhfuil fóraim, acmhainní agus deiseanna chun naisc ghairmiúla a bhunú