Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

A ndéanann an Coimisiún Eorpach – an caidreamh idirnáisiúnta

Príomhróil an Choimisiúin sa chaidreamh idirnáisiúnta

Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach ó thaobh beartais forbartha an Aontais a cheapadh agus cabhair a thabhairt ar fud an domhain. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, cuidíonn sé comhaontuithe forbartha a chaibidliú agus tá toscaireachtaí aige ar fud an domhain a dhéanann ionadaíocht dó.

Forbairt agus cabhair idirnáisiúnta

Ar an gCoimisiún Eorpach atá sé de chúram beartas forbartha an Aontais a cheapadh agus cabhair forbraíochta a thabhairt ar fud an domhain, ar dhóigh chomh héifeachtach agus is féidir.

Ina theannta sin, féachann an Coimisiún chuige go ndéantar ionadaíocht don Aontas ó thaobh an bheartais forbartha agus comhaontuithe a chaibidliú a bhaineann le gnóthaí forbartha idirnáisiúnta. Chuige sin, oibríonn sé i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, nó laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, cuir i gcás na Náisiúin Aontaithe, an OECD agus grúpaí neamhfhoirmiúil ar nós an G7 agus an G20.

Tuilleadh eolais faoin dóigh a bpleanálann an Coimisiún cabhair forbraíochta agus faoin dóigh a socraíonn sé tosaíochtaí forbraíochta.

Toscaireachtaí

Tá oifigí agus toscaireachtaí ag an Aontas ar fud an domhain, agus déanann siad sin ionadaíocht don Choimisiún. Misin taidhleoireachta atá sna toscaireachtaí agus is iondúil gur le haon tír amháin a bhaineann siad, ach tá misin áirithe ann agus baineann siad le roinnt tíortha. Trí bhíthin na dtoscaireachtaí agus na n-oifigí atá ag an Aontas, bíonn an Coimisiún Eorpach i dteagmháil i dtólamh le húdaráis áitiúla agus le pobail ar fud an domhain.

Toscaireachtaí an Aontais

Misin chuig an Aontas atá ag tíortha nach Ballstáit iad

Tá misin taidhleoireachta chuig an Aontas ag go leor tíortha ar fud an domhain, agus déanann na misin sin ionadaíocht do na tíortha sin san Aontas.

Liosta de mhisin taidhleoireachta chuig an Aontas