![Loving husband hugging wife in park, retired couple looking at sunset together](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-11/Loving-husband-hugging-wife-in-park%2C-retired-couple-looking-at-sunset-together.png?itok=g1RviSNi)
Ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte an 10 Deireadh Fómhair, chuir an Coimisiún torthaí i láthair ó shuirbhé nua ar an meabhairshláinte. Fuarthas amach sa suirbhé go bhfuil na leibhéil mheabhairshláinte san Eoraip, a bhí íseal cheana féin, níos measa anois de dheasca imeachtaí a thit amach le déanaí amhail paindéim COVID-19, ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an ghéarchéim aeráide, agus brúnna sochaíocha agus eacnamaíocha eile.
Go deimhin, dúirt níos mó ná leath de na freagróirí go raibh tionchar áirithe nó tionchar mór ag na himeachtaí domhanda a thit amach le déanaí ar a meabhairshláinte. Ina theannta sin, measann beagnach naonúr as deichniúr freagróirí go bhfuil cur chun cinn na meabhairshláinte chomh tábhachtach céanna le cur chun cinn na sláinte coirp.
Chun an Lá a chomóradh, d’óstáil an Coimisinéir Sláinte Stella Kyriakides comhdháil ardleibhéil ar an meabhairshláinte. Bailíodh le chéile ionadaithe ó institiúidí an Aontais, ó rialtais náisiúnta, ó eagraíochtaí Eorpacha agus ó chomhpháirtithe leasmhara eile ag an ócáid. Chuala siad teistiméireachtaí agus mhalartaigh siad eolas agus dea-chleachtais maidir leis an meabhairshláinte a chur chun cinn agus le fadhbanna meabhairshláinte a chosc, sin agus conas rochtain chomhionann a chinntiú do chách.
Bhí an Chomhdháil ag tógáil ar an straitéis nua meabhairshláinte a chuir an Coimisiún i láthair i mí an Mheithimh 2023. Tá thart ar 20 tionscnamh suaitheanta bunaithe ar an straitéis sin agus maoiniú dar luach €1.23 billiún ag gabháil leo, agus is é is sprioc leis an straitéis cabhrú le grúpaí leochaileacha amhail leanaí, daoine óga agus dídeanaithe. Díríonn an straitéis ar thrí réimse:
- cosc leordhóthanach éifeachtach
- rochtain ar chúram agus cóireáil mheabhairshláinte atá ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta
- athimeascadh daoine sa tsochaí tar éis téarnaimh
Tuilleadh eolais
Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte
Comhdháil ardleibhéil maidir leis an meabhairshláinte
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 10 Deireadh Fómhair 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide