Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta17 Bealtaine 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Dhá bhliain de REPowerEU: Athléimneacht fuinnimh na hEorpa a neartú

The 'RePowerEU' banner on the front of the Berlaymont building

 

I mí na Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún Eorpach Plean REPowerEU mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an úsáid a bhaineann sí as acmhainní fuinnimh mar arm eacnamaíoch. Ba é ba phríomhchuspóir don Phlean fuinneamh a shábháil, soláthairtí fuinnimh a éagsúlú agus níos mó fuinneamh glan a tháirgeadh don Aontas Eorpach.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, is léir go raibh ról ríthábhachtach ag REPowerEU maidir le saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais a chosaint ar ghanntanais fuinnimh, agus ag an am céanna, tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil don Úcráin trí chiste cogaidh na Rúise a lagú. Trí iarrachtaí comhpháirteacha, ní hamháin go bhfuil laghdú ollmhór déanta ag an Eoraip ar iompórtálacha fuinnimh ón Rúis, ach tá dlús curtha aici freisin lena haistriú chuig fuinneamh glan agus praghsanna cobhsaithe

Na príomhéachtaí:

  • Tomhaltas gáis nádúrtha a laghdú 18% idir mí Lúnasa 2022 agus mí an Mhárta 2024
  • Ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a shárú – laghdaíodh sciar na n-iompórtálacha gáis ón Rúis ó 45% go 15% idir 2021 agus 2023
  • Rochtain a chinntiú ar fhuinneamh slán inacmhainne
  • Níos mó leictreachais a tháirgeadh ón ngaoth agus ón ngrian ná ó ghás den chéad uair ó bhí 2022 ann
  • Suiteáil fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go tapa – beagnach 96 GW d’acmhainneacht nua grianfhuinnimh suiteáilte a baineadh amach, agus acmhainneacht ghaoithe a mhéadú 33 GW ó bhí 2022 ann

Agus muid ag bogadh ar aghaidh, is léir go bhfuil an Eoraip níos láidre agus níos aontaithe anois ná riamh. Tá beagnach €300 billiún slógtha ag an gCoimisiún chun Plean REPowerEU a mhaoiniú agus is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá i gcroílár an mhaoinithe sin. Tá an tAontas ar an mbealach ceart anois chun deireadh iomlán a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis agus, ag an am céanna, leanúint den aistriú glas a chur chun cinn agus de thacaíocht a thabhairt don Úcráin.

Tuilleadh eolais

REPowerEU

Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen, ón Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Šefčovič agus ón gCoimisinéir Simson ar chomóradh 2 bhliain Phlean REPowerEU

REPowerEU – Dhá bhliain ina dhiaidh

Scéal físiúil: An Comhaontú Glas don Eoraip

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Sonraí

Dáta foilsithe
17 Bealtaine 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide