Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta24 Deireadh Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Dlús a chur le gníomhaíocht chun ganntanais cógas leighis san Eoraip a chosc

Cabinets full of medicines

 

Tar éis ganntanais cógas leighis criticiúil le déanaí amhail antaibheathaigh áirithe an geimhreadh seo caite, rinneadh bearta chun ganntanais den sórt sin a chosc san Aontas an geimhreadh seo. D’ullmhaigh an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach liosta de na príomh-antaibheathaigh a d’fhéadfadh ganntanais chriticiúla díobh a bheith ann le linn an gheimhridh. Tá Sásra Dlúthpháirtíochta Deonach Eorpach le haghaidh cógais leighis seolta ag an gCoimisiún freisin, lenar féidir le tíortha eile de chuid an Aontais cógais leighis den sórt sin a athdháileadh óna stoic má tá gá ag Ballstát le cógas ar leith.

Déanfar gníomhaíochtaí breise chun ganntanais cógas leighis a chosc sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht, cuir i gcás:

  • liosta de chuid an Aontais de chógais leighis chriticiúla a bhunú
  • gníomhaíocht chomhpháirteach a chur ar bun chun díolúintí ó na rialacha a cheadú ionas gur féidir cógais leighis a chur ar fáil d’othair
  • treoir ón Aontas maidir le soláthar chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú
  • soláthar comhpháirteach an Aontais maidir le hantaibheathaigh agus cóireálacha le haghaidh víris riospráide don gheimhreadh seo chugainn

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin bearta a dhéanamh chun soláthar cógas leighis criticiúil a éagsúlú agus chun táirgeadh na gcógas leighis sin a nuachóiriú. Chuige sin, bunófar Comhghuaillíocht um Chógais Leighis Chriticiúla go luath in 2024. Tabharfar le chéile leis sin údaráis náisiúnta agus údaráis an Aontais, lucht tionscail agus an tsochaí shibhialta chun gníomhaíocht a chomhordú ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sa slabhra soláthair. Lasmuigh den Aontas Eorpach, is mian leis an gCoimisiún líonra comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar athléimneacht an tslabhra soláthair agus chun comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhunú chun cógais leighis chriticiúla a tháirgeadh.

Tuilleadh eolais

Athchóiriú ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais

Bileog eolais maidir leis na gníomhaíochtaí chun ganntanais cógas leighis a chosc

Preaseisiúint: Dlús curtha ag an gCoimisiún le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais chriticiúla cógas leighis agus slándáil an tsoláthair san Aontas a neartú

Ceisteanna agus freagraí maidir leis na gníomhaíochtaí chun ganntanais cógas leighis a chosc

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Deireadh Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide