Tugadh i gcrích pacáiste beart an Aontais chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.
Tá spriocanna aeráide atá ceangailteach ó thaobh dlí ag an Aontas anois, spriocanna a chumhdaíonn príomhearnálacha uile an gheilleagair tar éis dó an dá thogra dheireanacha a ghlacadh: an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus an Rialachán Eitlíochta ReFuelEU.
Deis atá sa chloch mhíle sin chun iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a chothú, agus léiríonn sé go bhfuil a ghealltanas á chomhlíonadh ag an Aontas maidir leis an aistriú glas a mhúnlú ar mhaithe leis na saoránaigh agus leis na tionscail. Agus COP28 ar na bacáin, is é sin Comhdháil ríthábhachtach na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, tá a gealltanais dearbhaithe ag an Eoraip agus tá sí ar a bealach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Tá an méid seo a leanas sa phacáiste reachtaíochta ‘Oiriúnach do 55’:
- spriocanna maidir le hastaíochtaí a laghdú thar raon leathan earnálacha
- sprioc maidir le linnte carbóin nádúrtha a threisiú
- córas trádála astaíochtaí nuashonraithe chun astaíochtaí a theorannú, praghas a chur ar thruailliú agus infheistíochtaí a ghiniúint san aistriú glas
- tacaíocht shóisialta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí beaga
- Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha lena chinntiú go n-íoctar praghas coibhéiseach carbóin ar earraí iompórtáilte in earnálacha spriocdhírithe
- spriocanna nuashonraithe maidir le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh
- gealltanas chun deireadh a chur de réir a chéile le feithiclí truaillitheacha nua faoi 2035
- agus bearta chun borradh a chur faoin mbonneagar luchtaithe agus faoin úsáid a bhaintear as breoslaí malartacha san iompar de bhóthar, sa loingseoireacht agus san eitlíocht
Tuilleadh eolais
An pacáiste dlíthe ‘Oiriúnach do 55’ a chur i gcrích
Tuilleadh eolais faoi thograí nithiúla lena gcuirtear an Comhaontú Glas i gcrích
Físeán ina ndéantar achoimre ar a bhfuil bainte amach leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 9 Deireadh Fómhair 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide