Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta13 Márta 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

An tAontas Eorpach in 2023: Ag éirí linn i rith tréimhsí dúshlánacha

Collage of pictures including a photo of a small robot; a photo of female scientist; a photo of rescue services; a photo of an old lady with a young girl; and a photo of a person on a wind turbine

 

Tráth a bhfuil méadú tagtha ar an teannas geopholaitiúil, lean an tAontas de dhul i ngleic go rathúil leis na saincheisteanna is mó a bhaineann le muintir na hEorpa in 2023, agus lean sé ar aghaidh ar an mbóthar ceart chun na tosaíochtaí polaitiúla a bhaint amach. Sin de réir an eagráin nua de Thuarascáil Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, a foilsíodh inniu.

Féachtar sa tuarascáil ar an gcaoi ar fhreagraíomar ar na dúshláin dhomhanda atá ag teacht chun cinn agus atá ann cheana, agus is í ár dtacaíocht dhaingean leanúnach don Úcráin a chuirtear i dtábhacht inti. Tá breis agus €88 mbilliún de chúnamh airgeadais, daonnúil agus míleata curtha ar fáil againn, tá cosaint curtha ar fáil againn do bhreis agus 4 mhilliún duine ag teitheadh ón Úcráin chuig an Aontas agus táimid réidh le tús a chur le caibidlíocht aontachais.

Breathnaítear inti freisin ar an Meánoirthear agus ar an gcaoi ar fhreagraíomar ar an meath ollmhór atá tagtha ar staid dhaonnúil na bPalaistíneach. Mhéadaíomar faoi cheathair an chabhair dhaonnúil dóibh go dtí os cionn €100 milliún le bliain anuas.

Sa bhaile, leagtar béim sa tuarascáil ar an obair a rinneadh chun fanacht ar an gconair maidir le príomhthosaíochtaí an Aontais

  • leanúint dár dtéarnamh eacnamaíoch ón bpaindéim
  • borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin gcumas monaraíochta do na teicneolaíochtaí agus na táirgí is gá chun ár spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach
  • an creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí a laghdú 55% faoi 2030 (príomh-gharsprioc ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta)
  • dul chun cinn a dhéanamh maidir le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a bhuí le Plean REPowerEU, agus maidir le dearadh mhargadh leictreachais an Aontais a athchóiriú chun tomhaltóirí a chosaint ar shuaitheadh praghsanna
  • oibriú ar an gcéad dlí cuimsitheach maidir leis an Intleacht Shaorga mar chuid d’aistriú digiteach na hEorpa
  • an t-idirphlé sóisialta a neartú agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le rialacha nua chun feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí ardáin an mhargaidh dhigitigh
  • cloch mhíle thábhachtach a bhaint amach maidir lenár gcóras imirce a athrú ó bhonn.

Tá an tuarascáil le fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais mar leabhar lánmhaisithe, agus tá leagan ar líne de le fáil thíos.

Tuilleadh eolais

An tAontas Eorpach in 2023: Tuarascáil Ghinearálta faoi Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Scéal Choimisiún von der Leyen

Sonraí

Dáta foilsithe
13 Márta 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide