Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta11 Eanáir 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Tá an Gníomh um Shonraí i bhfeidhm: Cén tábhacht atá leis sin duitse?

 

Tá Gníomh an Aontais Eorpaigh um Shonraí i bhfeidhm amhail an lá inniu, rud a fheabhsóidh an rochtain ar shonraí i margadh an Aontais do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Le blianta beaga anuas, tá Idirlíon na Rudaí Nithiúla tar éis fás tapa a spreagadh maidir leis an méid sonraí atá ann go ginearálta. Spreagfaidh na rialacha nua úsáid na sonraí agus cinnteoidh siad go gcomhroinnfear, go stórálfar agus go bpróiseálfar iad agus rialacha Eorpacha á n-urramú ina n-iomláine. 

Is cuma cé acu saoránach nó gnó thú, cuirfidh na rialacha nua seo feabhas ar ár saol ar bhealaí éagsúla. Mar shampla: 

  • Beidh praghsanna níos ísle ar sheirbhísí iarmhargaidh agus ar ghléasanna cliste a dheisiú. Mar shampla, má bhriseann d’uaireadóir cliste is féidir leat a iarraidh anois go dtabharfar rochtain ar na sonraí d’aon seirbhís deisiúcháin, a d’fhéadfadh a bheith ní ba shaoire ná monaróir an uaireadóra. San am a chuaigh thart, ní raibh rochtain ar do chuid sonraí ach ag an monaróir. 
  • Beidh deiseanna nua ann chun leas a bhaint as seirbhísí a bhraitheann ar rochtain ar shonraí. Má tá meaisíní agat ó mhonaróirí éagsúla, is féidir leat comhairle shaincheaptha a fháil anois ó chuideachta a bhailíonn sonraí ó na meaisíní éagsúla. Go dtí seo, bhí sonraí gach meaisín faoi ghlas ag a mhonaróir. D’fhéadfadh an méid sin a bheith úsáideach sa bhaile, mar shampla d’fhéadfá do theirmeastat a nascadh le do bhotháin sa ghairdín. 
  • Rochtain níos fearr ar shonraí arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ag gléas. Mar shampla, tá úinéir beáir ag iarraidh caife níos fearr a chur ar fáil, agus tá an gnólacht déanta gléasanna caife ag iarraidh a tháirge a fheabhsú. San am a chuaigh thart, ba ag an ngnólacht amháin a bhí an rochtain ar na sonraí a ghineann an meaisín chun an chéad ghlúin eile de ghléasanna caife a dhearadh, ach níorbh fhéidir leis an úinéir beáir eolas a rochtain amhail teocht an uisce. Leis an nGníomh um Shonraí soiléirítear gur féidir leis an dá pháirtí rochtain a fháil ar na sonraí arna mbailiú ag an meaisín. 

Chomh maith leis sin, cuireann an Gníomh um Shonraí ar chumas na hearnála poiblí rochtain a fháil ar shonraí atá i seilbh na hearnála príobháidí agus iad a úsáid chun cabhrú le freagairt ar éigeandálaí poiblí, amhail tuilte agus falscaithe. Ina theannta sin, cosnóidh sé gnólachtaí Eorpacha ar théarmaí conarthacha éagóracha i gconarthaí comhroinnte sonraí, ionas gur féidir le gnólachtaí beaga páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa mhargadh sonraí. 

Beidh feidhm ag an nGníomh um Shonraí san Aontas Eorpach i gceann 20 mí, an 12 Meán Fómhair 2025. 

Tuilleadh eolais 

An Gníomh um Shonraí 

Bileog eolais faoin nGníomh um Shonraí 

Tá an Gníomh Eorpach um Shonraí i bhfeidhm, lena gcuirtear rialacha nua i bhfeidhm maidir le geilleagar sonraí atá cothrom agus nuálach

An Gníomh um Shonraí – Ceisteanna agus Freagraí 

An Straitéis Eorpach maidir le Sonraí  

Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach 

Sonraí

Dáta foilsithe
11 Eanáir 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide