An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún
Is le Straitéis Slándála na hEorpa agus leis an Straitéis Slándála Inmheánaí a stiúrtar na hiarrachtaí atá ar siúl chun an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte tríd an gcomhar a neartú i dtaca le forfheidhmiú an dlí, bainistiú teorainneacha, cosaint shibhialta agus bainistiú tubaistí, agus tríd an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac.
Cuspóirí
- an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, agus dul i ngleic le ceist na dtrodairí eachtracha
- an choireacht eagraithe idirnáisiúnta a chomhrac ar dhóigh níos éifeachtaí tríd an gcomhar póilíneachta trasteorann a dhoimhniú
- an t-iomaíochas a fheabhsú i dtionscail slándála na hEorpa
- an rialú ar theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a neartú agus a chomhordú