Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ceanglaítear bearta ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme.

Ní fiú faic aon chomhaontú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é. Mar chuid de chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraing Siar, ní mór don Aontas, dá Bhallstáit agus don Ríocht Aontaithe glacadh le gníomhartha dlíthiúla, agus beartais agus bearta a ghlacadh a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe. Áirítear sa mhéid sin freisin an fhreagracht atá ar an dá Pháirtí monatóireacht a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus comhlíonadh a chinntiú.

Beidh obair dhian de dhíth i réimsí áirithe ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, eadhon:

  • leanúint le hobair an chomhchoiste chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe agus is iadsan a dhéanfaidh comhchathaoirleacht air
  • na forálacha maidir le Cearta na Saoránach a chur chun feidhme, forálacha lena gceanglaítear ar an gCoimisiún Eorpach dlúthfhaireachán a dhéanamh.
  • an comhaontú airgeadais a chur chun feidhme, lena gcinntítear go n-urramóidh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas na hoibleagáidí airgeadais uile a ndeachthas ina mbun nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas.