Tosaíonn an 28ú heagrán de Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28) an 30 Samhain in Dubai. Iarrfaidh an tAontas ar na páirtithe uile gníomhú go práinneach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i rith na deacáide seo agus a ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras a urramú chun an téamh domhanda a theorannú go 1.5°C.
Le linn COP28, freastalóidh Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ar an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Gníomhú ar son na hAeráide. Seolfaidh sí an Gealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh chomh maith, in éineacht le hUachtaránacht COP28, d’fhonn acmhainneacht na bhfoinsí in-athnuaite suiteáilte a mhéadú faoi thrí agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú faoi dhó faoi 2030.
Ag COP28, déanfaidh na Páirtithe scrúdú den chéad uair ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus déanfaidh siad gníomhaíochtaí riachtanacha breise a shainiú. Is é Wopke Hoekstra, an Coimisinéir Eorpach um Ghníomhú ar son na hAeráide, a bheidh i gceannas ar fhoireann chaibidlíochta an Aontais Eorpaigh.
Tá an méid seo a leanas ar chuspóirí caibidlíochta an Aontais:
- dlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le hastaíochtaí breosla iontaise
- oibriú i dtreo spriocanna iar-2030 gan mhoill
- cur chun feidhme tapa na ngealltanas atá ann cheana a bhrú chun cinn
- oiriúnú don athrú aeráide a chumasú le réitigh dhúlrabhunaithe
- ranníocaíochtaí maoinithe ó thíortha forbartha a mhéadú don troid i gcoinne an athraithe aeráide.
Is éard atá sa 28ú heagrán de Chomhdháil na bPáirtithe (COP) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) cruinniú mullaigh suntasach idirnáisiúnta ina dtagann ceannairí domhanda, saineolaithe comhshaoil, gníomhaithe agus páirtithe leasmhara le chéile chun plé a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus na gníomhaíochtaí sin a chaibidliú. Glacann an Coimisiún páirt in COP gach bliain agus eagraíonn sé imeachtaí éagsúla ar an imeall chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aeráid.
Tuilleadh eolais
An tAontas Eorpach ag Comhdháil COP28 maidir leis an Athrú Aeráide
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Samhain 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide