![Students Working On Computer Assignment During Seminar Group](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-11/GettyImages-1370715471_712_474.jpg?itok=87J7kSFp)
Agus daonra an Aontais ag dul in aois agus níos mó poist ghlasa agus dhigiteacha ann a bhfuil scileanna nua de dhíth ina leith, tá fostóirí na hEorpa ag streachailt chun teacht ar na hoibrithe atá de dhíth orthu. Is fadhb é sin go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a léiríodh i suirbhé ón Aontas Eorpach le déanaí. Sin é an fáth a bhfuil trí ghníomhaíocht curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún Eorpach a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do na Ballstáit scoth na tallainne a mhealladh ó gach cearn den domhan.
Ar ndóigh, leanfaidh an tAontas de bheith ag díriú ar ár lucht saothair intíre, ach tá sé ríthábhachtach freisin go mbreathnóimid le haghaidh próifílí áirithe thar lear, chun tacú lenár ngeilleagar agus chun seirbhísí poiblí tábhachtacha a neartú, cuir i gcás cúram sláinte agus cúram fadtéarmach. Sin é an fáth a bhfuil sé á mholadh an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- earcaíocht ó thíortha lasmuigh den Aontas a éascú
- an próiseas a bhaineann le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla agus do scileanna a fuarthas i dtríú tíortha a dhéanamh níos tapúla
- an tsoghluaisteacht foghlama a chothú do chách
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ‘Linn Tallann an Aontais’ a bhunú chun go mbeidh sé níos éasca cuardaitheoirí poist a earcú ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus chun tacú leis an obair sin. Tá spriocanna leagtha síos aige freisin maidir le líon na gcéimithe oideachais, na bhfoghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu, agus na foghlaimeoirí gairmiúla is mian leis a mhealladh faoi 2030.
Tuilleadh eolais
Acmhainneacht lucht saothair an Aontais a uasmhéadú
Bileog eolais maidir le Soghluaisteacht Tallainne
Ceisteanna agus Freagraí faoin bPacáiste Soghluaisteachta Scileanna agus Tallainne
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 15 Samhain 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide