Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta22 Samhain 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Dlí nua molta chun athléimneacht fhoraoisí na hEorpa a fheabhsú

Carpet of blue flowers in a forest with sunlight shining through trees

 

Mhol an Coimisiún dlí nua um fhaireachán ar fhoraoisí arb é is aidhm dó bonn cuimsitheach eolais foraoise a chruthú, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí eolais, agus freagairt níos fearr a chumasú ar bhrúnna méadaitheacha ar fhoraoisí. Tá tionchar mór ag guaiseacha nádúrtha agus gníomhaíocht neamh-inbhuanaithe an duine ar fhoraoisí na hEorpa atá ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide a chomhrac, chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus chun tacú le ceantair thuaithe agus leis an ngeilleagar.

Leis an gcóras nua faireacháin, bheifí in ann sonraí foraoise tráthúil inchomparáide a bhailiú agus a chomhroinnt, ar sonraí iad a bhfaighfí trí theicneolaíocht um fhaire na cruinne agus tomhais talún. Tá sé d’aidhm aige na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • cuidiú le foraoisí a dhéanamh níos athléimní in aghaidh guaiseacha comhshaoil atá ag síormhéadú
  • acmhainneacht na bhforaoisí a neartú chun aer níos glaine a sholáthar
  • pleanáil foraoise a éascú
  • comhar i measc na mBallstát a chinntiú chun pleananna foraoise fadtéarmacha a leagan síos.

I dtuarascáil ón gCoimisiún le déanaí, i ngeall ar an líon falscaithe ba mhó riamh in 2022, dódh 900,000 heicteár talún, méid arb ionann é agus thart ar mhéid na Corsaice. Is ionann sin agus an dara líon is airde riamh. Mar gheall ar thionchar na dteochtaí atá ag dul i méid ar speicis áirithe, táthar ag tuar go dtiocfaidh laghdú 27% ar luachanna talún foraoise faoi dheireadh an chéid. Is féidir na hiarmhairtí sin a aisiompú leis an Dlí um Athbhunú an Dúlra agus le soláthar sonraí ardchaighdeáin faoi fhoraoisí an Aontais. Is togra insoláthartha de chuid Straitéis Foraoise an Aontais 2030 agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip é an togra um fhaireachán ar fhoraoisí.

Tuilleadh eolais

Faireachán ar fhoraoisí

Preaseisiúint: Faireachán cuimsitheach molta ag an gCoimisiún chun athléimneacht fhoraoisí na hEorpa a fheabhsú

Ceisteanna agus freagraí faoin Dlí um Fhaireachán ar Fhoraoisí

Bileog eolais - An Dlí um Fhaireachán ar Fhoraoisí

Tuarascáil: Dóiteáin foraoise san Eoraip, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, 2022

An Dlí um Athbhunú an Dúlra

Straitéis nua Foraoise an Aontais le haghaidh 2030

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
22 Samhain 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide