Is é an 8 Márta Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Léiríonn téama domhanda na bliana seo ‘An Cuimsiú a Spreagadh’ go bhfuil rannpháirtíocht na mban sa tsochaí ríthábhachtach. Tá bearta á ndéanamh ag an Eoraip i dtreo an chomhionannais inscne, cuir i gcás trédhearcacht pá a chur i bhfeidhm, ionadaíocht na mban ar bhoird chorparáideacha a mhéadú agus oibriú i dtreo saoirse ón bhforéigean. Ach tá bóthar fada romhainn chun comhionannas iomlán a bhaint amach.
Tá na mná fós faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht:
- níl ach 6 thír den Aontas tar éis cothromaíocht inscne níos mó ná 40% a bhaint amach i dtaca lena bhFeisirí Parlaiminte
- níl ach 5 thír den Aontas ann le Ceann Stáit ar mná iad
- tá feisirí Pharlaimint na hEorpa gar do chothromaíocht inscne le 40% de mhná agus 60% d’fhir
Mar gheall ar cé chomh mall agus atá athrú ag teacht ar chúrsaí, an sciar de phoist bhainistíochta atá ag mná san ionad oibre, ní shroichfidh sé ach 30% faoi 2050. Sin an fáth a bhfuil an Coimisiún ag obair le tíortha an Aontais chun líon na mban i bpoist chinnteoireachta a mhéadú. Tathantaímid orthu go léir cuimsiú na mban sa pholaitíocht a spreagadh agus a chur chun cinn. Aithnímid freisin gníomhaíochas misniúil na sufraigéidí Eorpacha a throid ar son an chirt vótála agus gach bean a rannchuidigh le sochaí níos cothroime agus níos córa. I mbliain seo na dtoghchán, molaimid do gach bean vóta a chaitheamh chun an áit atá acu sa tsochaí a éileamh agus chun splanc uchtaigh a thabhairt dóibh féin i dtaobh páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil.
I dtuarascáil nua a foilsíodh inniu, déantar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le comhionannas inscne san Aontas a rianú. Le ceithre bliana anuas, bhí roinnt garspriocanna tábhachtacha ann lenar cuireadh comhionannas inscne san Aontas ar aghaidh:
- an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá lena neartaítear prionsabal an phá chomhionainn
- cearta nua maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí
- an Straitéis Eorpach um Chúram chun seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a chinntiú
- glacadh na Treorach maidir le Cothromaíocht Inscne ar Bhoird Chorparáideacha
- aontachas an Aontais do Choinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac
- bunú líonra de chuid an Aontais Eorpaigh chun foréigean inscne agus foréigean teaghlaigh a chosc
In 2024 cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh moltaí chun cleachtais dhíobhálacha in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc agus a chomhrac. Leanfaidh sé freisin de thacaíocht a thabhairt do chearta na mban agus d’iarracht a dhéanamh Eoraip atá comhionann ó thaobh inscne de a bhaint amach.
Tuilleadh eolais
Gníomhaíochtaí um chomhionannas inscne
Tuarascáil maidir le Comhionannas Inscne san Aontas 2024
Ráiteas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Bileog eolais - Comhionannas Inscne a chur chun cinn
Tairseach Faireacháin na Straitéise maidir le Comhionannas Inscne
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Márta 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide