Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta21 Feabhra 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Bonneagair dhigiteacha an Aontais Eorpaigh a ullmhú don todhchaí

Men laying the EllaLink cable at the beach of Praia do Futuro, Fortaleza, Brazil

 

Tá roinnt gníomhaíochtaí leagtha amach ag an gCoimisiún chun a chinntiú go mbainfidh an tAontas Eorpach a spriocanna amach maidir le bonneagar digiteach faoi 2030. Tá iomaíochas na hEorpa amach anseo ag brath ar nuálaíocht agus athléimneacht na mbonneagar sin Má tá na teicneolaíochtaí sin le cur in úsáid againn don todhchaí, is amhlaidh atá tábhacht mhór le nascacht thapa shlán fhorleathan. Ar na nuálaíochtaí sin tá an teilileigheas, tiomáint uathoibrithe, an intleacht shaorga agus foirgnimh chliste. 

Deirtear an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí beartaithe agus sna moltaí:  

1. Ba cheart dúinn pobal bríomhar nuálaithe Eorpacha a chothú. Ciallaíonn sé sin nach mór dúinn an nascacht a fhorbairt a thuilleadh agus a imeascadh ar bhealach níos fearr, chomh maith le bonneagar ríomhaire mar ar féidir linn oibriú le chéile. Ba cheart líonra a chur ar bun freisin chun gur féidir linn comhoibriú ina leith sin.  

2. Ní mór dúinn acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair dhigitigh a bhaint amach le haghaidh na teileachumarsáide. D’fhéadfaí sin a dhéanamh trí bhearta a chur san áireamh chun cothrom na Féinne a chinntiú. Ba cheart dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus spriocanna na rialacha atá ann faoi láthair. 

3. Ní mór dúinn measúnú agus maolú a dhéanamh ar rioscaí slándála na mbonneagar criticiúil, amhail cáblaí fomhuirí. D’fhéadfaí sin a dhéanamh trí Bhosca Uirlisí Slándála Cáblaí. Is trí cháblaí fomhuirí a dhéantar breis agus 99% den trácht sonraí idir ilchríocha a iompar. Braitheann roinnt oileán san Eoraip go mór ar na cáblaí sin le haghaidh cumarsáide laistigh den Aontas.  

Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí a cuireadh chun cinn tús a chur le plé maidir le tograí nithiúla leis na páirtithe leasmhara, na Ballstáit agus comhpháirtithe atá ar aon intinn i dtaca le conas beartais an Aontais amach seo a mhúnlú. Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an gCoimisiún maidir le 12 chás, rud a bheidh ar oscailt go dtí an 30 Meitheamh 2024. 

Chun a chinntiú go n-éireoidh lenár n-aistriú digiteach, tá spriocanna leagtha síos ag an Aontas atá le baint amach faoi 2030. Tá tábhacht mhór le nascacht thapa shlán fhorleathan chun na teicneolaíochtaí don todhchaí a chur in úsáid. 

Tuilleadh eolais 

Nascacht 

Bileog eolais 

Preaseisiúint: Tograí nua curtha i láthair ag an gCoimisiún le haghaidh bonneagair dhigiteacha a bheidh ann amach anseo  

Spriocanna digiteacha an Aontais le haghaidh 2030 

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Feabhra 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide