Beidh cúnamh daonnúil agus cosaint de dhíth ar bheagnach 300 milliún duine ar fud an domhain in 2024. Thionóil an Fóram Daonnúil Eorpach ceannairí agus saineolaithe daonnúla le chéile sa Bhruiséil, agus sna sála air sin, cuirfidh an tAontas breis agus €7.7 billiún de mhaoiniú daonnúil ar fáil don bhliain 2024. Rachaidh an t-airgead i dtreo réitigh níos éifeachtúla agus níos fadtéarmaí ar dhúshláin dhaonnúla dhomhanda.
Chomhaontaigh rannpháirtithe an Fhóraim an méid seo a leanas a dhéanamh:
- maoiniú a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir riachtanais dhaonnúla agus na hacmhainní atá ar fáil
- aghaidh a thabhairt ar choinbhleacht agus an spás daonnúil a chaomhnú, go háirithe sa staid atá ag dul in olcas i Stráice Gaza
- urraim don Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta a chur chun cinn ar fud an domhain i gcoinbhleachtaí armtha. Díreoidh tionscnamh nua neamhspleách, neamhrialtasacha ar an tsaincheist seo.
- tacaíocht dhaonnúil a mheaitseáil le hiarrachtaí forbartha agus síochána
- maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú le haghaidh limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus atá leochaileach ó thaobh na haeráide de.
Is iad an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a d’eagraigh an Fóram Daonnúil Eorpach i gcomhar le chéile, agus thionóil sé le chéile 1,400 ionadaí ón bpobal daonnúil agus ó thíortha an Aontais agus níos faide i gcéin.
Tá an tAontas ar cheann de na deontóirí cabhrach is mó ar domhan. Cumhdaíonn cabhair dhaonnúil an Aontais réimsí idirghabhála amhail: bia agus cothú, dídean, cúram sláinte, uisce, sláintíocht agus oideachas. Déantar an cúnamh daonnúil atá á mhaoiniú ag an Aontas a sheachadadh i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha.
Tuilleadh eolais
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 19 Márta 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide