Cuirfidh an tAontas fáilte roimh an mBulgáir agus roimh an Rómáin isteach i limistéar Schengen, an limistéar saorghluaiseachta is mó ar domhan. I mí an Mhárta 2024, ní bheidh rialuithe ann a thuilleadh ag teorainneacha aeir agus farraige. Pléifear deireadh a chur le rialuithe teorann talún agus déanfar cinneadh ina leith níos déanaí sa bhliain. Cuirfidh an méid sin ar a gcumas do dhaoine agus do ghnólachtaí leas a bhaint as a gcearta chun saorghluaiseachta ar aer agus ar muir, agus iad ag dul isteach sa Bhulgáir agus sa Rómáin nó ag dul amach astu.
Dheimhnigh an Coimisiún ar dtús go raibh an dá thír réidh le bheith ina gcuid de limistéar Schengen in 2011. Ó shin i leith, lean an Bhulgáir agus an Rómáin de bheith ag léiriú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun ballraíocht a ghlacadh i limistéar Schengen, agus d’athdhearbhaigh saineolaithe in 2022 agus 2023 go raibh siad réidh le bheith ina mball de. Tugadh isteach bearta slándála, bearta póilíneachta agus bearta comhair bhreithiúnaigh sa dá thír sin chun a chinntiú go leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith láidir i gcoinne bagairtí slándála. Leis an naoú méadú seo ar limistéar Schengen, cuirfear borradh faoin taisteal, faoin trádáil agus faoin turasóireacht agus neartófar an margadh inmheánach.
Ráthaítear saorghluaiseacht le limistéar Schengen gan teorainneacha do bheagnach 450 milliún saoránach den Aontas, mar aon le náisiúnaigh nach den Aontas iad a bhfuil cónaí san Aontas orthu nó a thugann cuairt ar an Aontas. Fágann saorghluaiseacht daoine gur féidir le gach saoránach den Aontas taisteal, oibriú agus cónaí i dtír den Aontas gan foirmiúlachtaí speisialta. Tá limistéar Schengen mar bhonn taca leis an tsaoirse sin nó is féidir le saoránaigh gluaiseacht i limistéar Schengen gan aon seiceálacha teorann.
Tuilleadh eolais
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Eanáir 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide