![Firefighters prepare for and coordinate their operation on the ground](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2024-05/P037899-566752.jpg?itok=nPqN6_gP)
Tá an samhradh beagnach buailte linn. Fágann sé sin nach fada uainn na beárbaiciúnna, an trá agus uachtar reoite, ach is é an fhírinne lom gur gá dúinn freisin a bheith ár n-ullmhú féin don séasúr falscaithe atá le teacht. Sin an fáth a ghlac an tAontas bearta réamhghníomhacha an tseachtain seo le dlús a chur le hiarrachtaí comhraic dóiteáin chun cosaint níos fearr a thabhairt dár bpobail agus don chomhshaol.
Le haghaidh 2024 tá 556 chomhraiceoir dóiteáin ó 12 thír tugtha le chéile ag an Aontas, comhraiceoirí a bheidh lonnaithe go straitéiseach roimh ré ar fud príomháiteanna san Eoraip an samhradh seo, cuir i gcás sa Fhrainc, sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Spáinn. Beidh siad réidh chun tacú le briogáidí dóiteáin áitiúla, nuair a sháraíonn scála falscaithe cumais freagartha tíre. Ina theannta sin, beidh cabhlach tiomnaithe rescEU d’aerárthaí comhraic dóiteáin ann don samhradh seo, ina mbeidh 28 n-eitleán agus 4 héileacaptar lonnaithe i 10 mBallstát.
Tá €600 milliún de chistí an Aontais leithdháilte freisin chun aerárthaí comhraic dóiteáin breise a fháil. Rachaidh an maoiniú breise i dtreo 12 eitleán nua comhraic dóiteáin a cheannach amach anseo, eitleáin a dháilfear ar shé Bhallstát de chuid an Aontais, chomh maith le roinnt héileacaptar.
Na gníomhaíochtaí maidir le falscaithe a chosc, chun ullmhú agus freagairt dóibh, oibríonn siad i gcomhar le chéile chun beatha daoine agus slite beatha a shábháil agus chun an comhshaol a chosaint. Agus tionchar an athraithe aeráide le brath níos mó gach bliain, tagann méadú freisin ar bhagairt na bhfalscaithe, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh a bheith ullmhaithe go maith ina leith.
Tuilleadh eolais
Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta
Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha
Preaseisiúint: Borradh curtha ag an Aontas faoin ullmhacht chun séasúr falscaithe 2024 a chomhrac
EU Protects: How Europe came together to fight forest fires
Tuarascáil maidir le Dóiteáin Foraoise san Eoraip, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, 2023
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 14 Bealtaine 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide