Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta19 Aibreán 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Tá iarrtha ag ceannairí an Aontais go neartófaí iomaíochas an Aontais

Participation of  Ursula von der Leyen, President of the European Commission, in the Brussels Special European Council

 

Ag cruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil, phléigh ceannairí an Aontais a thábhachtaí atá sé iomaíochas an Aontais Eorpaigh agus a Mhargaidh Aonair a neartú. Phléigh siad freisin an Meánoirthear, an Úcráin agus an Tuirc.  

Leag Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen béim ar cheithre phríomhréimse gníomhaíochta chun ár Margadh Aonair a dhoimhniú tuilleadh agus fíormhargadh Eorpach a dhéanamh de:

  1. Rochtain ar chaipiteal a fheabhsú do chuideachtaí Eorpacha
  2. Costas an fhuinnimh a laghdú
  3. Feabhas a chur ar scileanna ár lucht saothair
  4. An trádáil a neartú leis an gcuid eile den domhan

rochtain ar chaipiteal ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. ‘Ní mór dúinn na costais a laghdú do chuideachtaí, margaí caipitil agus infheisteoirí. Ar an dara dul síos, ní mór dúinn maoirseacht na ngníomhaithe is tábhachtaí a neartú agus a ailíniú. Agus ar an tríú dul síos, intuarthacht a thabhairt d’infheisteoirí maidir le hábhair amhail dócmhainneachtaí’, a dúirt an tUachtarán von der Leyen.

Chun feabhas a chur ar iomaíochas chuideachtaí an Aontais, ní mór dúinn costas an fhuinnimh a laghdú tuilleadh. Cé go bhfuil leibhéil praghsanna bainte amach atá cosúil leo siúd a bhí ann roimh fhogha na Rúise faoin Úcráin, tá siad fós ró-ard go struchtúrach. Agus tionscadail nua GNL á gcur ar fáil amhail ón mbliain seo chugainn agus na hacmhainní á bhforbairt tuilleadh chun fuinneamh glan a tháirgeadh san Aontas, ba cheart go dtiocfadh laghdú struchtúrach ar na praghsanna.

Chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht go láidir freisin gur dúshlán é an leibhéal ard fostaíochta (75% in 2023) agus an leibhéal íseal dífhostaíochta (6% an Nollaig seo caite), leibhéil atá níos airde ná riamh roimhe, maidir le lucht saothair a fháil. ‘Ní mór dúinn oiliúint a chur ar an oiread daoine óga dífhostaithe is féidir. Ní mór dúinn rochtain na mban ar an margadh saothair a fheabhsú. Agus teastaíonn imirce dhleathach uainn’, a dúirt sí.

trádáil chothrom oscailte ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais, ós ó chomhaontuithe trádála a thagann sciar suntasach dár rathúnas. A bhuí leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Ceanada, anuraidh bhí ár dtáirgeoirí ábalta táirgí agraibhia dar luach €4.5 billiún a easpórtáil, sin 53% níos mó ná mar a easpórtáladh roimh an gcomhaontú. Thugamar aghaidh freisin ar na rioscaí a bhaineann leis an tsaorthrádáil trí bhreis agus 170 beart cosanta trádála a dhéanamh. Chosain sé sin breis agus 500,000 post san Aontas.

Ar deireadh, leag an tUachtarán von der Leyen béim freisin ar an ngá atá le cur chuige níos Eorpaí maidir le bonn tionsclaíoch cosanta an Aontais. Agus aird á tabhairt ar an inniúlacht shoiléir náisiúnta maidir le struchtúr, imscaradh agus oiliúint na bhfórsaí armtha, d’iarr an tUachtarán go bhforbrófaí margadh aonair cosanta. D’fhágfadh sé sin go mbeadh barainneachtaí scála agus éifeachtúlacht ann, cumas cosanta níos fearr ann agus idir-inoibritheacht níos airde maidir leis na fórsaí armtha náisiúnta.

 

Tuilleadh eolais

Ráiteas tosaigh ón Uachtarán von der Leyen ag an bpreasagallamh comhpháirteach leis an Uachtarán Michel tar éis an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach

Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen ag an bpreasagallamh comhpháirteach le Príomh-Aire na Beilge De Croo agus Enrico Letta

Conclúidí na Comhairle Eorpaí

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Aibreán 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide