Mar chuid den ghealltanas laghdú 30% a dhéanamh faoi 2030 ar thruailliú ó mhicreaphlaistigh chun an comhshaol a chosaint, tá bearta glactha ag an gCoimisiún lena gcuirfear srian ar mhicreaphlaistigh a chuirtear le táirgí d’aon ghnó. Cuirfidh na rialacha nua cosc ar thart ar leathmhilliún tona micreaphlaisteach a scaoileadh isteach sa chomhshaol agus cuirfidh siad cosc ar a ndíol.
Ní bhíonn na micreaphlaistigh ag bith-dhíghrádú ná ní féidir iad a bhaint den chomhshaol a luaithe a chuirtear ann iad. Táthar tar éis micreaphlaistigh a fháil in éiceachórais mhuirí, fionnuisce agus talún, agus i mbia agus in uisce óil chomh maith. Fuarthas amach i staidéir saotharlainne go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag nochtadh micreaphlaisteach ar orgánaigh bheo.
Cumhdaíonn na srianta nua táirgí coiteanna ina bhfuil micreaphlaistigh amhail an t-ábhar líonta gráinneach a úsáidtear ar dhromchlaí saorga spóirt – arb é an fhoinse is mó de mhicreaphlaistigh d’aon ghnó sa chomhshaol é – chomh maith le cosmaidí, glantaigh, gealra, leasacháin, bréagáin, cógais leighis agus feistí leighis.
Tuilleadh eolais
Ceisteanna agus freagraí maidir leis na srianta
Tuilleadh eolais faoi mhicreaphlaistigh ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
Físeán – cén dóigh a dtéann na micreaphlaistigh isteach sna lochanna?
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 25 Meán Fómhair 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide