Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta3 Deireadh Fómhair 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

An Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le ceithre réimse teicneolaíochta atá ríthábhachtach do shlándáil eacnamaíoch an Aontais

A "ARI V2" robot manipulated by an engineer

 

Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, measúnuithe riosca ar cheithre réimse teicneolaíochta criticiúla do shlándáil eacnamaíoch an Aontais faoi dheireadh 2023.

Seo a leanas an méid a chlúdófar:

  • leathsheoltóirí ardfhorbartha
  • an intleacht shaorga
  • an ríomhaireacht chandamach
  • an bhiteicneolaíocht

Roghnaigh an Coimisiún na ceithre réimse sin mar na réimsí is mó ardriosca ó thaobh slándáil teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta de ó liosta de dheich réimse teicneolaíochta criticiúla.

Tá an cleachtadh sin ina chuid den Straitéis Eorpach um Shlándáil Eacnamaíoch, mí an Mheithimh 2023. I bhfianaise phaindéim COVID-19, ionradh na Rúise ar an Úcráin, méadú an teannais gheopholaitiúil agus athruithe móra teicneolaíochta, is mian leis an Aontas a bheith in ann an baol don tslándáil eacnamaíoch a shainaithint agus a mheasúnú go comhpháirteach, úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, agus cinn nua a fhorbairt i gcás inar gá.

Tuilleadh eolais

Geilleagar a fhóireann do dhaoine

Preaseisiúint: Molann an Coimisiún measúnuithe riosca a dhéanamh ar cheithre réimse teicneolaíochta criticiúla

Bileog eolais faoin Straitéis Eorpach um Shlándáil Eacnamaíoch

Sonraí

Dáta foilsithe
3 Deireadh Fómhair 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide