An leabhar rialacha aonair de chistí an Aontais a chuirtear i gcrích go comhpháirteach leis na Ballstáit agus na réigiúin
Bunaíodh rialachán na bhforálacha coiteanna chun rialáil a dhéanamh ar 8 gciste de chuid an Aontais, ar cistí iad a chuirtear i gcrích go comhpháirteach leis na Ballstáit agus leis na réigiúin. I dteannta a chéile, is ionann iad agus an tríú cuid de bhuiséad an Aontais.
Tá an sciar is mó den bhuiséad sin leithdháilte ar 5 chomhchuspóir beartas:
- Eoraip níos iomaíche agus níos cliste a chur chun cinn trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn;
- Eoraip athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide, cosc agus bainistiú rioscaí agus an tsoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn;
- Eoraip níos nasctha trí shoghluaisteacht a fheabhsú;
- Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;
- Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite gach cineáil críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú.
Sainítear mar chuid de gach ciste cuspóirí sonracha ina rialacháin Chiste-shonracha.
Is iad seo a leanas na 8 gciste a chlúdaíonn an rialachán coiteann sin:
- Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
- Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)
- An Ciste Comhtháthaithe
- An Ciste um Aistriú Cóir (CUAC)
- An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)
- An Ciste Tearmainn agus Imirce (CTI)
- An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)
- An Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí (IBTV)