Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Trédhearcacht cabhrach

Foilsíonn an tAontas eolas faoina ghníomhaíochtaí cabhrach idirnáisiúnta i mbunachair sonraí éagsúla ar líne.

Forbhreathnú

Is fearrde an fhorbairt an trédhearcacht. Bíonn an fhorbairt níos éifeachtaí dá barr agus is fearr a bhíonn an intuarthacht, an comhordú agus an chuntasacht. Ar an ábhar sin, tá sé gafa air féin ag an gCoimisiún Eorpach an t-eolas ar fad faoi chláir chabhrach a nochtadh go poiblí ionas gurb éasca é a rochtain, a roinnt agus a fhoilsiú.

Comhar idirnáisiúnta maidir leis an trédhearcacht

Léiríodh tiomantas láidir idirnáisiúnta don trédhearcacht ag an 4ú Fóram Ardleibhéil maidir le hÉifeachtacht Cabhrach in Busan in 2011. 

Cuid den tiomantas sin ab ea caighdeán oscailte comhchoiteann a cheapadh le haghaidh eolas prapúil cuimsitheach réamhbhreathnaitheach faoi chúnamh airgeadais do thríú tíortha a fhoilsiú go leictreonach, agus an caighdeán sin a bheith in úsáid faoi Nollaig 2015.

Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa chaighdeán céanna tuairisciú staitistiúil DAC na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, chomh maith leis an obair chomhlántach arna déanamh ag an Tionscnamh Trédhearcachta maidir le Cabhair Idirnáisiúnta agus ag dreamanna eile.

Sonraí trédhearcachta

Cuireann an Coimisiún Eorpach sonraí ar aghaidh gach bliain chuig an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, agus tá sonraí á gcur chuig an Tionscnamh Trédhearcachta maidir le Cabhair Idirnáisiúnta aige gach mí ó bhí Deireadh Fómhair 2011 ann. Ó shin i leith, tá feabhas seasta curtha ag an gCoimisiún ar an eolas a chuireann sé ar fáil trí bhuiséid, sonraí suímh atá geochódaithe agus dátaí a chur leis.

Déantar measúnú ar fheidhmíocht na ndeontóirí is mó ar domhan ag:

EU Aid Explorer

Bailíonn EU Aid Explorer sonraí ó fhoinsí éagsúla (ECFEUN-OCHAEDRISIATI), agus cuireann sé ar chumas úsáideoirí na sonraí cabhrach uile a chuardach, sin agus cuireann sé uirlisí léirshamhlaithe ar fáil amhail léarscáileanna, táblaí agus cairteacha.