Conas a oibrímid
Oibríonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach le hArd-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí an Choimisiúin chun comhairle, tuairimí agus moltaí atá neamhspleách a thabhairt maidir le caighdeán agus feidhmíocht na gcóras rialaithe inmheánach.
Déanann comhlacht seachtrach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa atá suite i Lucsamburg, iniúchóireacht ar an gCoimisiún chomh maith.
Bíonn an tSeirbhís ag obair de réir plean trí bliana a thugtar cothrom le dáta gach bliain. Baintear úsáid as modheolaíocht riosca-bhunaithe chun an plean a fhorbairt, agus cuirtear aon ábhar imní ó thaobh rioscaí de a aithníonn bainistíocht an Choimisiúin san áireamh. Cuirtear a clár iniúchóireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí gach bliain.
Déanann an tSeirbhís tuairisciú leis an gCoiste um Athbhreithniú Iniúchtaí, ar cuid thábhachtach é freisin de struchtúr rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin.
An Coiste um Athbhreithniú Iniúchtaí
Déanann an coiste seo maoirseacht ar chúrsaí iniúchóireachta laistigh den Choimisiún, agus cuireann sé tuarascáil faoi bhráid Choláiste na gCoimisinéirí gach bliain.
Is ról coisceach atá aige; díríonn sé aird ar cheisteanna a d'imreodh tionchar mór ar chlú an Choimisiúin mura dtabharfaí aghaidh orthu. Déanann sé deimhin de go ndéanfaidh Ard-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin obair leantach éifeachtach bunaithe ar na moltaí ábhartha a fhaightear ó na hiniúchtaí a dhéantar.
Neamhspleáchas
Tugann an chairt mhisin atá againn ráthaíocht ar ár neamhspleáchas; cuireann sé cosc ar údarás ar bith eile a bheith ag cur isteach ar an obair iniúchóireachta a dhéanaimid ná iarraidh orainn athruithe a dhéanamh ar a mbíonn sna hiniúchtaí a dhéanaimid. Má mheasann ár bhfoireann iniúchóirí go ndearnadh dochar dá n-oibiachtúlacht "i bhfírinne nó de réir dealraimh", ceanglaítear orthu an méid sin a nochtadh ina iomláine.
Caitheann an tSeirbhís go cothrom agus go hoscailte le gach páirtí leasmhar, agus tá modhanna dea-chleachtais curtha ar bun aici chun a luachanna a threisiú ag gach céim den phróiseas iniúchóireachta.
Déanaimid ár gcuid oibre ar fad i gcomhréir le caighdeáin ghairmiúla idirnáisiúnta IIA chun a chinntiú go gcomhlíonfaimid na caighdeáin is airde a chuirtear i bhfeidhm san earnáil phríobháideach, in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus i gcomhlachtaí poiblí na mBallstát.
Tá na teastais againn ó Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha mar dheimhniú go bhfuilimid ag cloí le Caighdeáin agus Cód Eitice na hinstitiúide sin.