Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cur chuige iomlánaíoch an Aontais i leith na forbartha inbhuanaithe

Cur chuige an Aontais i leith Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don fhorbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme lena Bhallstáit

Leanann an Coimisiún Eorpach de bheith tiomanta do Chlár Oibre 2030. Faoi cheannaireacht an Uachtaráin von der Leyen, tá clár beartais uaillmhianach curtha i láthair ag an gCoimisiún chun an inbhuanaitheacht a bhaint amach san Aontas agus níos faide i gcéin.

Is dlúthchuid de threoirlínte polaitiúla an Uachtaráin iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus tá siad i gcroílár an cheaptha beartais maidir le gníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach ar fud na n-earnálacha go léir. 

Tá cur chun feidhme iomlán Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe ríthábhachtach chun an athléimneacht a neartú agus chun an domhan a ullmhú do thurraingí amach anseo agus muid ag tabhairt faoin aistriú glas agus faoin aistriú digiteacha araon.

 

Cur chuige iomlánaíoch an Choimisiúin i leith na hinbhuanaitheachta agus na SDGanna

Dhírigh an Coimisiún ar ghníomhaíochtaí nithiúla a chur i gcrích lena mbainfear dul chun cinn nithiúil amach i réimsí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna). Is é atá i straitéis an Choimisiúin chun na SDGanna a bhaint amach treoirlínte polaitiúla an Uachtaráin agus cláir oibre bhliantúla an Choimisiúin.

Le clár polaitiúil an Uachtaráin déantar na SDGanna a chomhtháthú i dtograí, beartais agus straitéisí uile an Choimisiúin. Tá gach ceann de na 17 SDG mar chuid de cheann amháin nó níos mó de na sé phríomhuaillmhian a fógraíodh i dTreoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin von der Leyen mar a léirítear sa léaráid thíos:

 

sdg-commission

 

 

 

“Cur chuige Uile-Rialtais” an Choimisiúin i leith chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Tá snáithe éagsúla, mar a léirítear sa léaráid thíos, ag gabháil le cur chun feidhme uileghabhálach nó “uile-rialtais” an Choimisiúin nua i leith chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna):

 

sdg government aproach

 

 

 

Tionscnaimh a ghlac an Coimisiún le linn na chéad bhliana

Is dlúthchuid de chlár polaitiúil an Uachtaráin von der Leyen iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Rinneadh beartais éagsúla chlaochlaitheacha a chur i láthair le bliain anuas amhail:

SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach