Sracfhéachaint ar REPowerEU
Mar fhreagairt ar an gcruatan agus ar an suaitheadh sa mhargadh domhanda fuinnimh i ngeall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá an Coimisiún Eorpach ag cur a Phlean REPowerEU chun feidhme.
Is plean é REPowerEU a seoladh i mí na Bealtaine 2022 agus atá ag cuidiú leis an Aontas Eorpach
- fuinneamh a choigilt
- fuinneamh glan a ghiniúint
- a sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú
A bhuí le REPowerEU, chosnaíomar saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais ar ghanntanais fuinnimh, thacaíomar leis an Úcráin trí chiste cogaidh na Rúise a lagú, agus chuireamar dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Táimid ag leanúint dár n-iarrachtaí comhpháirteacha agus tá an Eoraip níos ullmhaithe agus níos aontaithe feasta ná riamh roimhe.
Tá teipthe ar iarracht Putin an fuinneamh a úsáid chun dúmhál a dhéanamh ar an Eoraip.
D’éirigh leis an Aontas agus é ag oibriú in éineacht:
- a spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú
- 20 % nach mór dá thomhaltas fuinnimh a choigilt
- an chaidhp ar phraghas an gháis agus an chaidhp dhomhanda ar phraghas an ola a thabhairt isteach
- cur chun úsáid breise na bhfoinsí in-athnuaite a mhéadú faoi dhó
Bealaí malartacha a aimsiú le déanamh deimhin de sholáthar an fhuinnimh
Ár stóras gáis a mhéadú lena chinntiú go mbeidh fáil ag muintir na hEorpa ar fhuinneamh inacmhainne
Comhaontú a bhaint amach chun an t-éileamh ar an ngás a laghdú ar fud an Aontais
Oll-infheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn
Ár soláthairtí fuinnimh a éagsúlú
Nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, d’éirigh sé níos soiléire fós go raibh bealaí malartacha ag teastáil ón Aontas chun a sholáthar fuinnimh a chinntiú. Cé gur fíor go mbíodh roinnt Ballstát ag iompórtáil níos mó gáis ón Rúis ná Ballstáit eile, bheadh gach tír thíos le héifeachtaí aon suaite a bheadh ann. Is ar an ábhar sin atá sé ríthábhachtach go mbeidh na Ballstáit i bhfochair a chéile agus iad réidh chun an gás a chomhroinnt lena gcomharsana más gá.
Ó bhí mí Mheán Fómhair 2022 ann, ní thagann ach 8 % den ghás píblíne ar fad a iompórtáiltear isteach san Aontas ón Rúis, le hais 41 % de a iompórtáladh ón Rúis i mí Lúnasa 2021.
Leis an bplean REPowerEU, tá ag éirí linn ár soláthar fuinnimh a éagsúlú, den chuid is mó trí na bearta seo a leanas:
- comhaontuithe a chur ar bun le tíortha eile lasmuigh den Aontas le haghaidh iompórtálacha píblíne
- infheistiú i gceannach comhpháirteach Gáis Nádúrtha Leachtaithe (GNL)
- comhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhaint amach leis an Namaib, leis an Éigipt agus leis an gCasacstáin chun soláthar slán inbhuanaithe hidrigine in-athnuaite a chinntiú
- comhaontuithe a shíniú leis an Éigipt agus le hIosrael chun gás nádúrtha a easpórtáil chun na hEorpa
Ní i gcomhair an gheimhridh seo chugainn amháin a chaithfidh an tAontas a sholáthairtí fuinnimh a chinntiú, ach i gcomhair na mblianta amach anseo freisin. Is é sin an fáth a ndírítear ár gcomhpháirtíochtaí ar thodhchaí níos glaise a thógáil, i dtreo na haeráidneodrachta.
An bonneagar a úsáidimid le haghaidh an gháis faoi láthair, beimid in ann é a úsáid le haghaidh na hidrigine glaine amach anseo. An infheistíocht atá á déanamh againn sa lá atá inniu ann, is infheistíocht í i ndícharbónú ár ngeilleagair amach anseo chomh maith.
Soláthairtí fuinnimh inacmhainne a chinntiú
Seoladh Ardán Fuinnimh an Aontais i mí Aibreáin 2022 agus bhí ról ríthábhachtach aige maidir lenár soláthairtí fuinnimh a éagsúlú i rith 2022. Bíonn an tArdán ina chuidiú chun gníomhaíocht an Aontais agus an chaibidlíocht le soláthróirí gáis seachtracha a chomhordú sa chaoi nach mbeidh tíortha an Aontais ag ceantáil ar a chéile. Leis an Ardán, is féidir leas a bhaint as scála mhargadh aonair an Aontais freisin chun coinníollacha níos fearr a ghnóthú do na tomhaltóirí ar fad san Aontas.
Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, mhol an tAontas Eorpach soláthar coiteann gáis chun a chinntiú go mbeadh fáil ag muintir na hEorpa ar fhuinneamh inacmhainne agus chun aon suaitheadh ar sholáthar an fhuinnimh a sheachaint. Leis an gcóras sin, bhíomar in ann sciar dár riachtanais gháis a cheannach le chéile, mar Eorpaigh, seachas a bheith in iomaíocht le chéile chun soláthairtí ganna a fháil.
I mí na Bealtaine 2023, d’éirigh leis an Aontas tairiscintí a mhealladh ó 25 ghnólacht soláthair ar an iomlán, agus níos mó ná 13.4 billiún méadar ciúbach de ghás á dtairiscint acu. Tá sé sin go maith os cionn an éilimh chomhpháirtigh a chuir gnólachtaí de chuid an Aontais isteach tríd an gcéad tairiscint (faoi shásra AggregateEU) mar atá, 11.6 billiún méadar ciúbach. Anois, beidh gnólachtaí de chuid an Aontais in ann téarmaí na gconarthaí soláthair a chaibidliú go díreach leis na gnólachtaí soláthair. Reáchtálfar ceithre thairiscint eile faoi dheireadh 2023.
Rialacha nua maidir le gás a stóráil
Chun clistí agus ganntanais chumhachta a sheachaint, chomhaontaigh tíortha an Aontais a stóras gáis a líonadh roimh an ngeimhreadh.
- Ba é sprioc an Aontais a comhaontaíodh anuraidh an stóras gáis faoi thalamh a líonadh go 80 % dá thoilleadh faoin 1 Samhain 2022.
A bhuí leis an obair i gcomhar, baineadh níos mó ná sin amach agus líonadh 95 % den stóras. - Is í an sprioc a bheidh ann i gcomhair na ngeimhrí seo chugainn an stóras a líonadh go 90 % den toilleadh faoin 1 Samhain gach bliain.
- I mbliana, bhí sprioc an Aontais de 90 % bainte amach aige cheana féin faoi lár mhí Lúnasa.
Fuinneamh a choigilt
Is é fuinneamh a choigilt an bealach is saoire, is sábháilte agus is glaine chun ár spleáchas ar iompórtálacha breosla iontaise ón Rúis a laghdú. Tá a gcion féin déanta ag saoránaigh, gnólachtaí agus tionscail an Aontais maidir leis sin.
Ar leibhéal an Aontais, chomhaontaigh na Ballstáit leis na tograí ón gCoimisiún chun úsáid an gháis a laghdú 15 % ar fud an Aontais an geimhreadh seo caite ar bhonn deonach.
Chomhaontaigh tíortha uile an Aontais a dtomhaltas gáis a laghdú 15 % ar a laghad
Idir mí Lúnasa 2022 agus mí an Mhárta 2023, bhí laghdú an éilimh ar an ngás os cionn na sprice, ar 18 %
Chuir na Ballstáit síneadh bliana leis an sprioc dheonach maidir le laghdú an éilimh ar an ngás i mí an Mhárta 2023, de réir mar a mhol an Coimisiún
Idirghabháil i bpraghsanna an gháis
Is ísle praghsanna an gháis san Eoraip anois ná mar a bhí roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus is í an fhreagairt chomhordaithe Eorpach faoi REPowerEU is cúis le cuid den laghdú sin. Agus anois tá an Eoraip ag déanamh infheistíochtaí nach bhfacthas riamh roimhe seo sna fuinnimh ghlaine agus sa neamhspleáchas fuinnimh.
Dá ainneoin sin, chomhaontaigh tíortha an Aontais teorainn a chur le méaduithe iomarcacha ar phraghsanna an gháis mar chosaint do na saoránaigh agus don gheilleagar. Cuirfear uasteorainn i bhfeidhm ar idirbhearta gáis más rud é go sroicheann praghsanna an gháis leibhéil eisceachtúla.
Is sásra sealadach é an sásra ceartúcháin margaidh sin agus beidh feidhm leis go dtí mí Feabhra 2024.
Le linn na bliana seo a chuaigh thart, d’éirigh linn ár dtáirgeadh agus ár n-acmhainneacht a mhéadú:
- den chéad uair riamh, gineadh níos mó leictreachais ó fhoinsí gaoithe agus gréine ná ón ngás
- suiteáladh 41 GW d’acmhainneacht nua fuinnimh gréine, an méid is mó riamh
- cuireadh 16 GW leis an acmhainneacht gaoithe
- rinneadh deimhin de gur ó fhoinsí in-athnuaite a thiocfadh 39 % dár leictreachas feasta
Tá sé i gceist againn leanúint ar aghaidh le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite agus táimid ag súil le méadú breise ar ár n-acmhainneacht in 2023 agus le foinsí in-athnuaite a úsáid in ionad 12 bhilliún méadar ciúbach breise gáis.
I mí an Mhárta 2023, tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir le reachtaíocht níos láidre chun a acmhainneacht in-athnuaite a mhéadú. Faoin reachtaíocht sin ardófar sprioc cheangailteach an Aontais do 2030 go 42.5 %, agus uaillmhian ann 45 % a bhaint amach - rud a mhéadódh an sciar atá ag an bhfuinneamh in-athnuaite san Aontas faoi dhó, nach mór.
Chun tacú leis an aistriú glan sin, ní mór dúinn cur lenár gcumas ár dtionscail féin a chothú – idir hidrigin agus cheimiceáin, an bhith-theicneolaíocht agus an nanaitheicneolaíocht. Chun an plean sin a chur i bhfeidhm, mholamar Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i mí Feabhra 2023.
Conas a mhaoinítear REPowerEU?
Bhí infheistíochtaí agus athchóirithe ollmhóra ag teastáil le haghaidh an phlean REPowerEU. Táimid ag slógadh beagnach €300 billiún, thart ar €72 bhilliún de i ndeontais agus thart ar €225 bhilliún in iasachtaí. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá i gcroílár an mhaoinithe sin.
Beidh thart ar €10 mbilliún san áireamh le haghaidh naisc gháis agus gháis nádúrtha leachtaithe atá in easnamh, ionas nach bhfágfar aon Bhallstát ar lár, agus suas le €2 bhilliún le haghaidh bonneagar ola chun deireadh a chur le seachadadh na hola ón Rúis. Úsáidfear an chuid eile den mhaoiniú (95 %) chun cur le dlús agus scála an aistrithe chuig fuinneamh glan.
- Cistí an Bheartais Comhtháthaithe
- An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
- An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
- An Ciste don Nuálaíocht
- Maoiniú náisiúnta agus maoiniú ón Aontas chun tacú le cuspóirí REPowerEU
- Bearta náisiúnta fioscacha
- Infheistíocht phríobháideach
- An Banc Eorpach Infheistíochta
Na chéad chéimeanna eile
Chuidigh an dul chun cinn a rinneadh le bliain anuas linn an geimhreadh seo (2022/2023) a chur dínn go sásúil gan aon ghanntanas gáis, agus is féidir linn tosú ar an gcéad séasúir athlíonta eile go muiníneach agus ár stóras leath-líonta.
Ach ná bíodh aon dalbhadh orainn ach go mbeidh míonna dúshlánacha le teacht, fad a bheidh an Rúis ag gabháil dá hionradh brúidiúil ar an Úcráin agus ag déanamh arm cogaidh dá soláthairtí fuinnimh.
Sin an fáth a mbeimid ag díriú ar chur i ngníomh leanúnach an phlean REPowerEU, mar atá
- Caibidlí náisiúnta nua REPowerEU faoin tSaoráid nuashonraithe Téarnaimh agus Athléimneachta
- Borradh a chur faoin dícharbónú tionsclaíoch
- Síniú agus cur chun feidhme reachtaíochta nua chun foinsí in-athnuaite a leathadh amach níos gasta
- Infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh agus in idirnaisc
- Bearta rialála chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú
- Creat rialála nua-aimseartha le haghaidh hidrigine, agus luasaire hidrigine
Amlíne
- 10 Bealtaine 2023
Seoladh an chéad tairiscint le haghaidh ceannach comhpháirteach gáis faoi Ardán Fuinnimh an Aontais
- 25 Aibreán 2023
Sheol an Coimisiún an chéad ghlao ar chuideachtaí chun gás a cheannach go comhpháirteach
- 30 Márta 2023
Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach i dtaca leis an treoir maidir le fuinneamh in-athnuaite
- 14 Nollaig 2022
Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le REPowerEU a mhaoiniú agus na Ballstáit a chumasú chun caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta
- 9 Nollaig 2022
Seoladh comhghuaillíocht thionsclaíoch nua chun borradh a chur faoi ghrianchumhacht agus faoi shlándáil fuinnimh an Aontais
- 9 Samhain 2022
Chuir an Coimisiún borradh faoin aistriú glas ó ghás na Rúise trí dhlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh a cheadú
- 26 Iúil 2022
Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú chun laghdú ordúil agus comhordaithe ar thomhaltas gáis ar fud an Aontais a chinntiú chun ullmhú don gheimhreadh a bhí le teacht.
- 20 Iúil 2022
Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte: Mhol an Coimisiún Plean um laghdú ar an éileamh gáis chun an tAontas a ullmhú do chiorruithe soláthair
- 18 Iúil 2022
Shínigh an tAontas agus an Asarbaiseáin Meabhrán Tuisceana nua maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach i Réimse an Fhuinnimh, lena leagtar síos an bhunchloch le haghaidh comhpháirtíocht fhadtéarmach maidir leis an bhfuinneamhéifeachtúlacht agus fuinneamh glan. A bhuí leis sin, déanfar acmhainneacht Chonair Gáis an Deiscirt a dhúbailt chun 20 billiún méadar ciúbach ar a laghad a sheachadadh chuig an Aontas gach bliain faoi 2027.
- 15 Iúil 2022
D’fhormheas an Coimisiún ‘IPCEI Hy2Tech’, an chéad Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne in earnáil na hidrigine. Is é is aidhm don tionscadal teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt don slabhra luacha hidrigine chun próisis thionsclaíocha agus soghluaisteacht a dhícharbónú. Tá 35 ghnólacht agus 41 thionscadal ó 15 Bhallstát páirteach ann.
- 27 Meitheamh 2022
Glacadh rialacha nua maidir le stóráil gáis. Leis na rialacha sin, neartófar slándáil sholáthar gáis an Aontais i bhfianaise na ngeimhreadh atá le teacht. Leis na rialacha nua, ceanglófar ar Bhallstáit an Aontais na saoráidí stórála a líonadh go dtí 80 % dá dtoilleadh faoi mhí na Samhna i mbliana – agus go dtí 90 % sna blianta amach romhainn.
- 23 Meitheamh 2022
Chomhaontaigh an tAontas agus an Iorua cur lena gcomhpháirtíocht chun soláthairtí gáis gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, agus an comhar maidir le fuinneamh glan a neartú, an comhar maidir le hidrigin san áireamh.
- 17 Meitheamh 2022
Sheol an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 11 tír eile Conair Fuinnimh an Ghealltanais Dhomhanda maidir le Meatán chun laghduithe ar astaíochtaí meatáin a chatalú in earnáil na hola agus an gháis, agus ar an dóigh sin lorg a imirt ar an athrú aeráide agus ar an tslándáil fuinnimh.
- 15 Meitheamh 2022
Shínigh an tAontas Eorpach, an Éigipt agus Iosrael Meabhrán Tuisceana tríthaobhach chun gás nádúrtha a easpórtáil chun na hEorpa. Déanfar gás nádúrtha ó Iosrael, ón Éigipt agus ó fhoinsí eile i réigiún na Meánmhara Thoir a sheoladh chun na hEorpa trí bhíthin bhonneagar onnmhairiúcháin gáis nádúrtha leachtaithe na hÉigipte.
- 25 Bealtaine 2022
Bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa Ardán Fuinnimh an Aontais Eorpaigh chun soláthairtí malartacha a aimsiú.
- 18 Bealtaine 2022
Chuir an Coimisiún REPowerEU i láthair, plean chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú go tapa agus chun dlús a chur leis an aistriú glas.