Ag deireadh an 28ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28), gheall an tAontas Eorpach agus ceannairí domhanda arís spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5° Celsius. Chomhaontaigh siad dlús a chur le laghduithe astaíochtaí i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, agus gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh sna deich mbliana ríthábhachtacha seo. Ar an ngníomhaíocht sin tá aistriú ó bhreoslaí iontaise agus astaíochtaí domhanda a laghdú 43% faoi 2030.
Príomhghealltanais agus príomhghníomhaíochtaí a d’fhógair an tAontas Eorpach ag COP28:
- Gealltanas Domhanda maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Éifeachtúlacht Fuinnimh chun acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe domhanda ar an bhfuinneamhéifeachtúlacht a mhéadú faoi dhó faoi 2030. Tacóidh €2.3 billiún ó bhuiséad an Aontais leis an aistriú fuinnimh i gcomharsanacht na hEorpa agus ar fud an domhain
- tacaíocht airgeadais €175 mhilliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun astaíochtaí meatáin a laghdú
- maoiniú os cionn €400 milliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun ciste nua caillteanais agus damáiste a ghníomhachtú le haghaidh éigeandálaí aeráide
- an chéad dá thionscadal Eorpacha um theicneolaíocht ghlan a gheobhaidh tacaíocht ón gComhpháirtíocht idir an tAontas agus Catalyst chun cabhrú leis an Aontas a spriocanna aeráide do 2030 a bhaint amach
- ranníocaíocht €20 billiún ó Team Europe leis an Tionscnamh um Fhuinneamh Glas idir an Afraic agus an tAontas Eorpach
- tionscnamh nua ó Team Europe atá dírithe ar shlabhraí luacha nach mbíonn dífhoraoisiú mar thoradh orthu
Is éard atá i gComhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide cruinniú mullaigh idirnáisiúnta bliantúil ina dtagann ceannairí domhanda, saineolaithe comhshaoil, gníomhaithe agus páirtithe leasmhara le chéile chun plé a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus na gníomhaíochtaí sin a chaibidliú.
Tuilleadh eolais
An tAontas Eorpach ag Comhdháil COP28 maidir leis an Athrú Aeráide
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 13 Nollaig 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide