Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta20 Samhain 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

An tUachtarán von der Leyen san Éigipt agus san Iordáin chun cabhair dhaonnúil a thabhairt do shibhialtaigh in Gaza agus tuilleadh tacaíochta a fhógairt

President von der Leyen in Egypt with humanitarian workers and officials

 

An 18 agus an 19 Samhain, bhí Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, san Éigipt agus san Iordáin chun oibríochtaí na cabhrach daonnúla a fheiceáil go pearsanta, chun soláthairtí daonnúla ón Aontas Eorpach a thabhairt do shibhialtaigh in Gaza agus chun an ghéarchéim a phlé le ceannairí réigiúnacha.

Le linn na cuairte, chuir an tUachtarán in iúl go bhfuil gá le tuilleadh cúnaimh do mhuintir na Palaistíne in Gaza. Cháin sí freisin, arís eile, foréigean do-ghlactha na n-antoisceach sa Bhruach Thiar agus d’iarr sí go gcuirfí deireadh le fáinne fí an fhoréigin. Agus í ag féachaint ar an dóigh ar féidir le muintir Iosrael agus muintir na Palaistíne ‘dóchas agus dearcadh as an nua a bheith acu arís’, leag an tUachtarán von der Leyen béim ar an ngá atá le ‘fís pholaitiúil, mar atá réiteach dhá stát’.

I gCaireo bhuail an tUachtarán le hUachtarán na hÉigipte, agus in Amman labhair sí le Rí na hIordáine. Tá ról ríthábhachtach ag an Éigipt agus ag an Iordáin maidir le cabhair dhaonnúil a chur ar fáil agus a éascú do Phalaistínigh leochaileacha. Cuirfidh an tAontas tacaíocht lóistíochta bhreise agus trealamh leighis breise ar fáil don Éigipt chun cóir leighis a chur ar shibhialtaigh atá gortaithe ó Gaza. Tá príomhról cobhsaíochta ag an Iordáin agus ag an Éigipt araon sa tréimhse dhúshlánach seo, chun cosc a chur ar leathadh an fhoréigin.

Ag aerfort Al-Arish san Éigipt, chuir an tUachtarán soláthairtí daonnúla an Aontais ar fáil, soláthairtí a seachadadh ar an 15ú heitilt d’aerdhroichead daonnúil an Aontais. Ghabh sí buíochas le húdaráis na hÉigipte, le Cumann an Chorráin Dheirg san Éigipt agus le Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) as an gcomhar lenar féidir na seachadtaí sin a dhéanamh.

Le mí anuas, tá an Coimisiún tar éis a chabhair dhaonnúil a mhéadú faoi cheathair go breis agus €100 milliún, sa bhreis ar an €260 milliún atá curtha ar fáil ag Ballstáit an Aontais. Is é Team Europe an deontóir is mó cabhair do mhuintir na Palaistíne. Is éard atá in Team Europe an tAontas Eorpach, na Ballstáit, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Tuilleadh eolais

An ghéarchéim sa Mheánoirthear

Féach agus léigh an ráiteas ón Uachtarán von der Leyen

Eoraip níos láidre sa domhan mór

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Samhain 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide