Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta8 Samhain 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Plean fáis nua €6 mhilliún chun na Balcáin Thiar a thabhairt níos gaire do theacht isteach san Aontas

People walk at the center of Subotica

 

Bainfidh an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia. tairbhe as plean fáis nua €6 bhilliún do na Balcáin Thiar. Leis an bplean, tabharfar roinnt de na tairbhí a bhaineann le ballraíocht san Aontas Eorpach don réigiún roimh an aontachas, cuirfear borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus cuirfear dlús leis an gcóineasú socheacnamaíoch a bhfuil géarghá leis. Ba cheart go gcuirfeadh an plean fáis dlús suntasach le próiseas an mhéadaithe agus le fás eacnamaíoch an réigiúin.

Tá an plean fáis nua bunaithe ar cheithre cholún, is iad sin:

  1. Comhtháthú eacnamaíoch an réigiúin le margadh aonair an Aontais an fheabhsú
  2. Borradh a chur faoi chomhtháthú eacnamaíoch laistigh de na Balcáin Thiar tríd an gCómhargadh Réigiúnach
  3. Dlús a chur le hathchóirithe bunúsacha
  4. Cúnamh airgeadais a mhéadú chun tacú leis na hathchóirithe

Beidh ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar príomh-athchóirithe a chur i gcrích chun na cistí a leithdháileadh a fháil. Iarrfar orthu clár oibre athchóirithe a ullmhú a bheidh bunaithe ar mholtaí atá ann cheana ó na tuarascálacha maidir le méadú agus ó na cláir um athchóiriú eacnamaíoch. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú ar na cláir oibre sin agus a ghlacfaidh iad.

Is beartas ríthábhachtach le haghaidh an Aontais Eorpaigh é an méadú go fóill. Is chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é ballraíocht iomlán an Aontais do na Balcáin Thiar, agus freagróidh sí mianta na ndaoine sa réigiún.

Tuilleadh eolais

Bileog eolais faoin bplean fáis nua do na Balcáin Thiar

Eoraip níos láidre sa Domhan

Preaseisiúint: Plean Fáis nua do na Balcáin Thiar curtha i láthair ag an gCoimisiún, plean ina bhfuil €6 bhilliún de dheontais agus d’iasachtaí chun dlús a chur leis an gcóineasú eacnamaíoch leis an Aontas

An tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar

Beartas um Méadú

Ceisteanna agus freagraí faoin bplean fáis nua do na Balcáin Thiar

Sonraí

Dáta foilsithe
8 Samhain 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide