![Demography in the EU, ages 12-18 - Poland](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/avportal/P-051715/00-34.jpg?itok=NimdsGXo)
An tseachtain seo, déanfar ceiliúradh ar Sheachtain Eorpach na Meabhairshláinte. Deis atá ann do gach duine oibriú ar mheabhairshláinte níos fearr do chách.
Faoin téama ‘comhchruthú’, díreoidh Seachtain na Meabhairshláinte 2024 ar chur chuige comhoibríoch ina mbeidh gach duine ag obair le chéile chun beartais agus cláir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena gcothófar meabhairshláinte dhearfach.
Tá scéalta cloiste againn go léir faoi dhéagóirí a bhfuil scáileáin, mar aon le hardáin na meán sóisialta, ina gcuid dhílis dá saol, uaireanta chun aimhleasa a meabhairshláinte, nó faoi dhaoine scothaosta atá ag mothú uaigneach, nó faoi oibrithe atá ag fulaingt traochta. Paindéim COVID-19, cogadh na Rúise san Úcráin, an t-athrú aeráide, costais fuinnimh atá ag ardú agus an costas maireachtála, bhí tionchair fhadtéarmacha acu sin go léir ar mheabhairshláinte daoine.
I mí an Mheithimh 2023, sheol an Coimisiún cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte chun an stiogma a bhriseadh agus chun dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- idirghabhálacha luatha agus tacaíocht thráthúil a chothú nuair is gá
- oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta chun treoir ón Aontas a fhorbairt maidir le stiogma agus idirdhealú
- gealltanas €11 mhilliún a thabhairt ón gclár EU4Health chun bearnaí a shainaithint agus acmhainneacht a fhorbairt
- tionscadal €9 milliún a sheoladh chun oiliúint a chur ar ghairmithe cúraim sláinte chomh maith le múinteoirí agus oibrithe sóisialta maidir le cúram meabhairshláinte cuimsitheach a chur ar fáil
- €10 milliún breise a chur ar fáil chun tacú le meabhairshláinte grúpaí leochaileacha, cuir i gcás leanaí agus dídeanaithe
- treoirlínte nua a fhorbairt do cheannairí scoile, d’oideoirí agus do lucht déanta beartas maidir le folláine agus meabhairshláinte daoine óga agus múinteoirí
San Aontas Eorpach, meastar gurb é €50 billiún an méid bliantúil a chaitear ar fhadhbanna meabhairshláinte i measc leanaí agus daoine óga. Trí shadhlanna a bhriseadh síos agus trí fhíor-chomhoibriú a chothú, bainfimid meabhairshláinte níos fearr amach do chách.
Tuilleadh eolais
Ráiteas ón gCoimisinéir Kyriakides chun Seachtain Eorpach na Meabhairshláinte a chomóradh
Bileog eolais maidir le cur chuige an Aontais i leith na meabhairshláinte
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 13 Bealtaine 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide