Cuireann rialtais an Aontais Eorpaigh na nithe seo a leanas ar fáil don Choimisiún roimh dheireadh Aibreáin:
- Clár náisiúnta um athchóiriú
- Clár cobhsaíochta: plean buiséadach trí bliana i gcás thíortha an limistéir euro, nó
- Clár cóineasaithe: plean buiséadach trí bliana i gcás thíortha nach tíortha an limistéir euro iad
Leagtar amach sna cláir sin na beartais áirithe a chuirfidh gach tír chun feidhme chun an fhostaíocht agus an fás a bhrostú, agus chun míchothromaíochtaí a chosc nó a cheartú, maille lena gcuid pleananna nithiúla le moltaí tírshonracha agus rialacha ginearálta fioscacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.