![cwp_2024_banner](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-10/CWP_2024-banner-600x400.png?itok=sssvhNEH)
Tá an Coimisiún tar éis a Chlár Oibre 2024 a chur i láthair. Leagtar béim láidir sa phlean nua ar rialacha a shimpliú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais.
Agus níos lú ná bliain fágtha go dtí na toghcháin Eorpacha in 2024, cuirfidh an Coimisiún 18 dtogra beartais nua chun cinn chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus chun a ghealltanais ó 2019 a bhaint amach. Orthu sin tá an méid seo a leanas:
- idirphlé a sheoladh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach.
- tionscnamh chun rochtain a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga ar ríomhairí ardfheidhmíochta an Aontais
- dlí Eorpach maidir leis an spás
- béim ar dhúshláin eacnamaíocha a bhaineann le ganntanas saothair agus ganntanas scileanna, oideachas, idirphlé sóisialta, boilsciú agus éascaíocht gnó
- comhar níos láidre chun cur i gcoinne imircigh a smuigleáil
Dírítear sa chlár freisin ar an rómhaorlathas a laghdú, agus rialacha nua ann a dhéanfadh an páipéarachas a shimpliú do níos mó ná milliún cuideachta. Tá gealltanas tugtha ag an Uachtarán von der Leyen laghdú 25% a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe agus caighdeáin an Aontais á gcoinneáil ag an am céanna. Ó mhí an Mhárta 2023 i leith, tá 15 thogra glactha ag an gCoimisiún chun an tuairisciú a shimpliú, rud a fhágann go mbeidh coigilteas os cionn €2.4 billiún ann.
Tuilleadh eolais
Bileog eolais ina mínítear an Clár Oibre
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Deireadh Fómhair 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide