Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta11 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Tacaíocht do théarnamh na hÚcráine treisithe ag an Aontas

Ursula von der Leyen giving a speech at Ukraine Recovery Conference in Berlin

 

Beagnach 900 lá tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine á reáchtáil i mBeirlín chun a chinntiú gur féidir leis an Úcráin leanúint dá cosaint féin. Ag an gComhdháil Téarnaimh, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, roinnt tionscnaimh nua a chuideoidh chun a chinntiú go leanfaidh an Úcráin de bheith i gceannas ar a todhchaí féin agus go dtabharfar níos gaire don Aontas Eorpach í.  

Ag an gComhdháil, tá an méid seo a leanas déanta ag an Aontas: 

  • shínigh sé comhaontuithe dar luach €1.4 billiún le bainc chomhpháirtíochta chun infheistíochtaí a mhealladh ón earnáil phríobháideach san Úcráin, 
  • d’fhógair sé tacaíocht thiomnaithe d’infheistíochtaí cothromais san Úcráin d’fhonn feabhas a chur ar mhaoiniú do ghnólachtaí na hÚcráine, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, rud a d’fhéadfadh cuidiú le geilleagar na hÚcráine a nuachóiriú, 
  • d’fhógair sé go gcuirfí €1.9 billiún breise ar fáil ó shaoráid an Aontais don Úcráin faoi dheireadh mhí an Mheithimh, mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta le Plean na hÚcráine, sraith d’athchóirithe frithéillithe agus straitéis infheistíochta, 
  • d’fhógair sé go n-aistreofaí thart ar €1.5 billiún faoi mhí Iúil de bhrabúis amhantair a gineadh ó shócmhainní Rúiseacha díluailithe le haghaidh infheistíochtaí i gcosaint agus in atógáil na hÚcráine. 

Ina theannta sin, tiomsaíodh beagnach €500 milliún tríd an gCiste Tacaíochta Fuinnimh chun earnáil fuinnimh na hÚcráine a dheisiú go práinneach. Chuidigh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le breis agus 15,000 grianphainéal a chur ar fáil chun tacú le hearnáil fuinnimh na hÚcráine agus tá sé beartaithe aige anois 1000 gineadóir cumhachta breise a chur ar fáil trí chúlchistí straitéiseacha rescEU. Thairis sin, chomhaontaigh an tAontas an Úcráin a dhíolmhú óna hoibleagáidí airgeadais a íoc a bhaineann lena rannpháirtíocht i 14 chlár de chuid an Aontais.   

Ó thosaigh fogha na Rúise, beagnach €100 billiún atá i dtacaíocht airgeadais, dhaonnúil, éigeandála, bhuiséadach agus mhíleata an Aontais don Úcráin.

Tuilleadh eolais 

Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin 

Téarnamh agus atógáil na hÚcráine 

Óráid tosaigh ón Uachtarán von der Leyen ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 

Preaseisiúint: Comhaontuithe ráthaíochta agus deontais nua dar luach €1.4 billiún sínithe ag an Aontas Eorpach chun tacú le téarnamh na hÚcráine agus chun infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a mhealladh

Sonraí

Dáta foilsithe
11 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide