Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta21 Bealtaine 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Fuinneamh glan slán a bhuí le hathchóirithe nua ar an margadh

Electricity pylons

 

A bhuí le hathchóirithe móra ar mhargaí leictreachais agus gáis an Aontais Eorpaigh, beidh tomhaltóirí ar fud an Aontais in ann leas a bhaint as praghsanna fuinnimh níos cobhsaí agus spleáchas níos lú ann ar phraghas breoslaí iontaise. Ag an am céanna, cuirfidh an tAontas borradh faoi fhorbairt hidrigine agus gás dícharbónaithe eile. Cuideoidh na hathchóirithe sin chun an t-aistriú chuig fuinneamh glan a chinntiú agus slándáil an tsoláthair agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú ag an am céanna.   

Leis na hathchóirithe ar an margadh leictreachais, beidh an méid seo a leanas ag tomhaltóirí anois: 

  • rogha níos leithne conarthaí agus eolas níos soiléire sula síneofar na conarthaí 
  • rogha chun praghsanna slána fadtéarmacha a chur faoi ghlas  
  • conarthaí praghsála dinimiciúla, más gá, chun leas a bhaint as inathraitheacht praghsanna chun leictreachas a úsáid nuair a bhíonn sé níos saoire 
  • cosaint ar bheith gan leictreachas trí sholáthraithe na rogha deiridh a bhunú  
  • cosaint ar dhícheangal dóibh siúd atá leochaileach nó atá thíos le bochtaineacht fuinnimh 
  • tuilleadh deiseanna maidir le comhroinnt fuinnimh, mar shampla, beidh tionóntaí in ann fuílleach grianchumhachta dín a chomhroinnt le comharsa 

Beidh rochtain ag gnólachtaí Eorpacha freisin ar chostais fuinnimh níos intuartha, rud a chuideoidh leo a bheith níos iomaíche. Beidh teaghlaigh agus cuideachtaí araon in ann leas a bhaint as na costais níos ísle a bhaineann le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus beidh tíortha an Aontais in ann praghsanna rialáilte do thomhaltóirí a leathnú chuig an dá dhream i gcás géarchéime. 

De thoradh ar an gcreat nua don mhargadh gáis, cruthófar margadh hidrigine, rud a bheidh ríthábhachtach chun srian a chur le hastaíochtaí ó thionscail throma agus ón iompar. I gcás tomhaltóirí, fágfaidh na hathchóirithe gur féidir leo soláthróirí gáis a mhalartú ar bhealach níos éasca, uirlisí éifeachtacha comparáide praghsanna a úsáid, agus eolas cruinn cothrom trédhearcach faoi bhillí a fháil. Leis an gcreat nuashonraithe, tugtar an deis do thíortha an Aontais iompórtálacha gáis phíobaithe agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) araon ón Rúis agus ón mBealarúis a stopadh nó a theorannú. 

Tuilleadh eolais 

An Comhaontú Glas don Eoraip: Straitéis fáis lena gcosnaítear an aeráid (scéal físiúil)

An Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích 

Oiriúnach do 55: Beart a dhéanamh de réir na dtograí 

Preaseisiúint: Leas le baint as soláthairtí fuinnimh ghlain shláin chobhsaí ag tomhaltóirí agus tionscal na hEorpa anois go bhfuil athchóirithe tábhachtacha margaidh glactha 

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Bealtaine 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide