Príomhróil an Choimisiúin sa chaidreamh idirnáisiúnta
Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach ó thaobh beartais forbartha an Aontais a cheapadh agus cabhair a thabhairt ar fud an domhain. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, cuidíonn sé comhaontuithe forbartha a chaibidliú agus tá toscaireachtaí aige ar fud an domhain a dhéanann ionadaíocht dó.
Forbairt agus cabhair idirnáisiúnta
Ar an gCoimisiún Eorpach atá sé de chúram beartas forbartha an Aontais a cheapadh agus cabhair forbraíochta a thabhairt ar fud an domhain, ar dhóigh chomh héifeachtach agus is féidir.
Ina theannta sin, féachann an Coimisiún chuige go ndéantar ionadaíocht don Aontas ó thaobh an bheartais forbartha agus comhaontuithe a chaibidliú a bhaineann le gnóthaí forbartha idirnáisiúnta. Chuige sin, oibríonn sé i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, nó laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, cuir i gcás na Náisiúin Aontaithe, an OECD agus grúpaí neamhfhoirmiúil ar nós an G7 agus an G20.
Tuilleadh eolais faoin dóigh a bpleanálann an Coimisiún cabhair forbraíochta agus faoin dóigh a socraíonn sé tosaíochtaí forbraíochta.
Caidreamh an Aontais le tíortha nach Ballstáit iad
Déanann an tAontas caidreamh agus comhpháirtíochtaí le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, go déthaobhach agus go réigiúnach. Ina cháilíocht mar ghníomhaí idirnáisiúnta, tá sé páirteach i roinnt réimsí agus straitéisí ar leibhéal domhanda agus is ball gníomhach é de mhórán eagraíochtaí agus fóram idirnáisiúnta.
Cuardaigh de réir tíre nó eagraíochta
Toscaireachtaí
Tá oifigí agus toscaireachtaí ag an Aontas ar fud an domhain, agus déanann siad sin ionadaíocht don Choimisiún. Misin taidhleoireachta is ea toscaireachtaí agus is iondúil gur cúram aon tíre amháin a bhíonn orthu, cé go bhfuil cuid de na toscaireachtaí ina n-ionadaithe don Aontas le haghaidh roinnt tíortha. Trí bhíthin na dtoscaireachtaí agus na n-oifigí atá ag an Aontas, bíonn an Coimisiún Eorpach i dteagmháil i dtólamh le húdaráis áitiúla agus le pobail ar fud an domhain.