Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ceanncheathrú

Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

Tionóltar cruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí sa cheanncheathrú sa Bhruiséil nó i Strasbourg.

Ár n-oifigí sna Ballstáit

Gníomhaíonn na hoifigí ionadaíochta ar fud Bhallstáit an Aontais mar ghuth an Choimisiúin agus déanann siad faireachán ar thuairimí an phobail ina dtír aíochta.

Cuireann siad eolas faoin Aontas ar fáil agus eagraíonn siad imeachtaí a bhaineann leis an Aontas. Socraíonn roinnt acu cuairteanna do scoileanna agus cuireann siad ionaid ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Seachas Ionadaíochtaí, tá oifigí ag gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais sna Ballstáit.

Déanann an Coimisiún cothabháil freisin ar Ionaid Faisnéise Europe Direct (EDICanna)

Ár n-oifigí lasmuigh den Aontas

Tá 139 n-oifig ag an Aontas lasmuigh den Aontas, ar a dtugtar Toscaireachtaí an Aontais. Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bhainistíonn na hoifigí sin. Tá sé de chúram orthu beartais eachtracha an Aontais a thíolacadh, a mhíniú agus a chur i gcrích. Déanann siad beartais a anailísiú agus a thuairisciú agus déanann siad caibidlíocht thar ceann an Aontais.