Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht feidhmiúcháinHaDEA

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú

Tugann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú aghaidh ar uaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh , is é sin cuidiú chun Eoraip a thógáil a bheidh níos glaise, níos digití, níos athléimní agus níos oiriúnaí chun teacht roimh na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo tar éis ghéarchéim COVID-19.

An scéala is déanaí

Nuacht ón Ard-Stiúrthóireacht seo

Freagrachtaí

Seo a leanas na cláir a chuirfidh HaDEA chun feidhme (agus buiséad táscach ag gabháil leo):

  • Clár EU4Health: €4.7 billiún (den bhuiséad iomlán €5.3 billiún)
  • Fís Eorpach: Colún II Cnuasach 1: Sláinte: €4.1 billiún
  • Clár an Mhargaidh Aonair: Sábháilteacht bia: Sláinte do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí ar feadh an bhiashlabhra agus oiliúint níos fearr le haghaidh bia níos sábháilte: €1.3 billiún
  • An Clár don Eoraip Dhigiteach: €0.8 billiún
  • An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa: Digiteach: €1.7 billiún
  • Fís Eorpach: Colún II Cnuasach 4: Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás: €5.6 billiún

Ó 2021 go 2023 beidh buiséad breise dar luach €1.6 billiún á chur ar fáil chomh maith ón gciste ‘Next Generation EU’ le haghaidh gníomhartha atá mar chuid de shnáitheanna Digiteacha agus Sláinte an chláir ‘Fís Eorpach’.

Is os cionn €20 billiún a bheifear ag súil leis sa bhuiséad iomlán a bheidh á bhainistiú ag HaDEA le linn na tréimhse seacht mbliana den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027.

Sa bhreis air sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun na ngealltanas agus na dtionscadal atá fós gan réiteach ó na cláir a tháinig roimhe.

Pleananna agus tuarascálacha

Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha

 

 

 

Ceannaireacht agus eagrúchán

16 AIBREÁN 2024
HaDEA Organisation Chart (16 April 2024)

Teagmháil

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA)

Ainm
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA)
Uimhir ghutháin
+32 2 299 11 11 (Lasc-chlár an Choimisiúin)
Seoladh poist
An Coimisiún Eorpach, 1049 Bruxelles/an Bhrúiséil, An Bheilg