Mar cheiliúradh ar oidhreacht chultúrtha shaibhir éagsúil na hEorpa, d’fhógair an Coimisiún Eorpach na láithreáin ar bronnadh an Lipéad Oidhreachta Eorpach orthu le haghaidh 2023. Tríd an lipéad sin a bhronnadh orthu, tugadh aitheantas do 7 láithreán stairiúla ar fud na mór-roinne as a ról suntasach maidir le stair agus cultúr na hEorpa agus forbairt an Aontais Eorpaigh.
Seo a leanas na láithreáin bhuaiteacha:
- Cisterscapes – Tírdhreacha Cistéirseacha a nascann an Eoraip (an Ghearmáin, an Ostair, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóivéin)
- Mainistir San Jerónimo de Yuste, Cuacos de Yuste (an Spáinn)
- Músaem ár dTiarna san Áiléar (an Ísiltír)
- Amharclann Ríoga Toone (an Bheilg)
- Kalevala (an Fhionlainn)
- Athenaeum na Rómáine (an Rómáin)
- Sant’Anna di Stazzema (an Iodáil)
Chuir an tAontas Eorpach an Lipéad Oidhreachta Eorpach ar bun in 2011 chun muintearas agus féiniúlacht a chur chun cinn i measc na nEorpach. Cuireann sé béim ar láithreáin a raibh ról tábhachtach acu maidir le stair chomhroinnte ár mór-roinne a mhúnlú. Is in 2013 a bronnadh an lipéad den chéad uair. Agus roghnú na bliana seo san áireamh, tá 67 láithreán san iomlán ar fud na hEorpa a bhfuil an lipéad acu.
Orthu sin tá:
- séadchomharthaí
- láithreáin nádúrtha, láithreáin faoi uisce, láithreáin seandálaíochta, láithreáin tionsclaíochta nó láithreáin uirbeacha
- tírdhreacha cultúrtha
- áiteanna cuimhneacháin
- earraí cultúrtha
- rudaí
- oidhreacht dholáimhsithe a bhaineann le háit, an oidhreacht chomhaimseartha san áireamh
Is féidir le gach tír rannpháirteach san Aontas suas le dhá láithreán a mholadh chun an lipéad a fháil, rud a bhronntar gach dara bliain. Is painéal Eorpach saineolaithe neamhspleácha a roghnaíonn láithreán amháin in aghaidh gach tíre rannpháirtí. Bunaithe ar an moladh sin, is é an Coimisiún Eorpach a ainmníonn na láithreáin a mbeidh an lipéad le bronnadh orthu. Roghnaíodh na 7 láithreán i mbliana as 16 láithreán is iarrthóirí.
Tuilleadh eolais
Liosta na láithreán uile ar a bhfuil an Lipéad Oidhreachta Eorpach
Eolas maidir le searmanas bronnta na ngradam do na láithreáin bhuaiteacha
Beartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an oidhreacht chultúrtha
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 17 Aibreán 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide